Location:

Casla, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

RTÉ Podcast

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506677


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 080320 Sinéad Ferry

3/8/2020
'Sí Sinéad Ferry a roghnaíonn giotaí as an tsraith don chlár. Tá ceol a taifeadadh i dteach Mhartin Hayes Co an Chláir sa bhliain 1962, dánta le Seán Ó Ríordáin, Séamus Ennis ag caint ar Chorca Dhuibhne agus ag caint ar Oileán Thoraí, "An Seabhac" ag caint ar an Bhlascaod agus Cearbhall Ó Dálaigh i nGaoth Dobhair.

Duration:00:59:32

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 010320 Andrea Palandri

3/1/2020
Andrea Palandri, scoláire Gaeilge agus fidléir ón Iodáil, lena rogha féin as an tsraith. Ar na giotaí a roghnaíonn sé tá Séamus Ennis, Pádraig O Keeffe, Paddy Cronin, Kruger Kavanagh. Eibhlín Ní Mhurchú agus Pádraig Ua Maoileoin. Casann Andrea cúpla giota ceoil le Paddy McEvoy á thionlacan ar an phiano.

Duration:00:59:32

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 160220 Áine Ní Bhreisleáin

2/16/2020
'Sí Áine Ní Bhreisleáin, ó Ghaoth Dobhair an aoi atá ar an chlár seo le hIan Lee. Roghnaíonn Áine na míreanna seo: leaganacha den amhrán Úir Chill a' Chreagáin; Inis Gé; Na Cruacha Gorma; Séamus Ennis le muintir Thoraí; déanamh curachaí i gceantracha éagsúla, Seosamh Ó hÉanaí/Séamus Ennis, Bernadette Devlin agus Mairéad Ní Dhomhnaill.

Duration:00:58:35

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 020220

2/2/2020
Joe Cooney ó Cho an Chláir ag portaireacht agus Junior Crehan, fidléir, á thionlacan. Cúpla giota ar an fhidil ó Junior é féin. Casann sé leagan de "The lament of the Kerrywoman". Is cosúil gur leagan é an fonn atá ag Junior de fhonn an amhráin "An Ciarraíoch Mallaithe". An port Banish Misfortune af Junior fosta.

Duration:00:09:18

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 260120 RÉ agus an Ghaeilge.

1/26/2020
"Radio Éireann agus athbheochan na Gaeilge" clár a rinne Diarmuid Breathnach sa bhliain 1976. Páirteach ann tá: Mairéad Ní Ghráda, Aindrias Ó Muimhneacháin, Seán Mac Réamoinn, Leon Ó Broin, Diarmaid ó hAlmhain, Proinsias Mac an Bheatha, Roibeárd Ó Faracháin & Breandán Ó hEithir.

Duration:00:58:09

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 120120

1/12/2020
Áine Mhic Ghrianna as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall? i mbun scéil níl aon eolas eile leis an téip.

Duration:00:06:30

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 081219

12/8/2019
Diarmuid Ó Muirithe le cuid d'imeachtaí 1970 le béim ar leith ar an Ghaeilge, cúrsaí polaitiúla ó dheas agus ó thuaidh. Jack Lynch páirteach sa chlár, Liam Mac Reachtainn, Risteard Mac Gabhann, An Col. Eoghan Ó Néill, Máirtín Ó Cadhain ar an chlár agus Risteard Ó Glaisne agus Séamus Ó Néill ag caint faoi chomhnascadh idir An Tríonóid agus UCD.

Duration:00:32:05

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 011219

12/1/2019
"Seanchas Bhaile Uí Chorráin". Seqanchas a bhí ag Donncha Ó Líthigh, Baile Uí Chorráin, agus 'sé Muiris Mac Conghaíl atá ag láithrú.

Duration:00:31:41

Ask host to enable sharing for playback control

SIúlach Scéalach 241119

11/24/2019
Radio Scoile - Clár bríomhar ceoil agus cainte le Micheál Ó Domhnaill, Doireann Ní Bhriain agus cailín eile.

Duration:00:15:49

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 241119

11/24/2019
James Eardley, fidléir ó Cho Liatroma mar a chas sé ceol do Shéamus Ennis sa bhliain 1947 sa chondae. Casaann se dhá chornphíopa "Flowere of Spring" agus "Flowers of Ballymote" agus ansin ríl "The Flax in Bloom" agus ceann eile.

Duration:00:05:52

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 171119

11/17/2019
IS é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, a roghnaíonn na míreanna seo don chlár. Moya Brennan ó Chlannad sa bhliain 1969; Séamus Ennis, Séan Ó hEochaidh agus Conall Ó Beirn i dTeileann 1949; Cáit Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhairs; Anraí de Bláca cainteoir ó dhúchas ó Cho an Chláir; Tadhg Ó Rabhartaigh, údar, ó Anagaire.

Duration:00:57:10

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 101119

11/10/2019
Sorcha Ní Chatháin (Sarah Keane) ó Chathair Liostráin in Oirthear na Gaillimhe ag ceol do Chiarán Mac Mathúna sa bhliain 1959. Ceolann sí "Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an Féar" agus "Tá mo Chleamhnas Déanta".

Duration:00:10:23

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 101117

11/10/2019
Máirtín Ó Fathaigh, cainteoir ó dhúchas Gaeilge, ó Bhaile Locha Riach, Co na Gaillimhe, ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1970 nuair a bhí sé 100 bliain d'aois.

Duration:00:07:05

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 031119

11/3/2019
Ceolchoirm bhuaiteoirí an Oireachtais 1971. Páirteach ann tá Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha le hamhrán sean-nóis, Donncha Ó Muimhneacháin ag damhsa, Seoirse Bodley le hómós do Sheán Ó Riada, Seán Ó Coisdealbha (Johnny Chóil Mhaidhc) agus Tomás Ó Flatharta (Tom Sailí?) le hagallamh beirte.

Duration:00:24:08

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 201019

10/20/2019
Ceol ó Bhanna Céilí an Bhrosna (Brosna Céilí Band) Co Chairraí mar a taifeadadh iad sa stiúideo i gCOrcaigh sa bhliain 1969.

Duration:00:06:59

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 131019

10/13/2019
Labhrann Alan Titley le hIan Lee fána rogha féin de mhíreanna as an tsraith seo. Frank O Connor, Peadar O Donnell, Sarah @ Rita Keane, Nioclás Tóibín (agallamh amháin), Piaras Béaslaí, samplaí de Ghaeilge Dheisceart Thiobraid Árann agus Cho. Thír Eoghain, Mick O Connell agus mír as Fadhbanna Gaeilge le Tomás de Bhaldraithe sa chathaoir.

Duration:00:58:20

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 061019

10/6/2019
Maire Ní Bhraonnáin (Moya Brennan ón ghrúpa Clannad) mar a cheol sí ar Radio RTÉ sa bhliain 1969. 1 "An Gabhar Bán" 2 "Rotha an tSaoil" aistrithe ón amhrán "The CIrcle Game" le Joni Mitchell.

Duration:00:05:53

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 290919

9/29/2019
"Turas fá Inse Gall". Seán Mac Réamoinn ag déanamh cur síos ar a thuras go hOileán Bharra na hAlbna (oileán Gaeltachta in Inse Ghall) sa bhliain 1965. Caint, amhráin, ceol, píobaireacht agus damhsa mar chuid den chlár.

Duration:00:28:29

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 220919

9/22/2019
An grúpa Horslips mar a thaifead Radio RTÉ iad thart fá 1971. Casann siad "Flower Amang them All, Ace and Deuce of Pipering, Carolin's Frolic agus Buttered Peas

Duration:00:11:46

Ask host to enable sharing for playback control

Siúlach Scéalach 150919

9/15/2019
An file Áine Ni Ghlinn ag caint le hIan Lee lena rogha féin as an tsraith Siúlach Scéalach. Roghnaigh sí Tomás Mac Eoin, Eibhlín Ní Mhurchú, Tomás de Bhaldraithe, Dáithí ó hÓgáin agus Michael Hartnett.

Duration:00:57:54