Ardtráthnóna-logo

Ardtráthnóna

RTE Ireland

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol. Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol. Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.
More Information

Location:

Casla, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol. Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506677

Email:

at@rte.ie


Episodes

Seán Mac Donnacha, Trá Bháin, Caoimhe Ní Thuathail, Tír an Fhia agus Cian Ó Conghaile, Leitir Mealláin.

10/18/2018
More
Tá Seán, Caoimhe agus Cian ag freastal ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua agus iad san idirbhliain ansin. Tá siad i Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo ar thaithí oibre. Rinne siad cur síos do Mháirtín ar an gcaoi a bhí ag éirigh leo.

Duration:00:14:10

Beartla Breathnach, as Cill Chiaráin.

10/18/2018
More
Tá dlúthdhiosca nua ar an margadh ag Beartla dár teideal "Bunadh mo Mhuintire"

Duration:00:35:18

Ardtráthnóna: Déardaoin 18 Deireadh Fómhair 2018.

10/18/2018
More
Beartla Breathnach - Dlúthdhiosca ar an margadh ag Beartla: Seán Mac Donnacha, Caoimhe Ní Thuathail agus Cian Ó Conghaile - Taithí oibre ó Scoil Chuimsítheach Chiarán.

Duration:01:02:08

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair 2018.

10/17/2018
More
Píosa a thóg Maidhc P. Ó Conghaile in Inis Treabhair i 1973: Mír na Cartlainne - Mary Uí Chonghaile ag labhairt faoin amhrán a chum sí faoin Trá Bháin, agus Nan Bhreathnach á chasadh. Bhí Bríd, bean Joein Sheáin Tom ag caint ar Bholmáin agus Baby Trayers ag casadh Amhrán na mBolmháin.

Duration:01:00:17

Pádraic Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Matt Nolan agus Tadhg Ó Cróinín.

10/16/2018
More
Bhí Pádraic ag cur síos ar nuair a thosaigh siad Éigse Dharach Uí Chatháin atá deich mbliana fichead ar an bhfód i mbliana. Is é Matt a d'oscail an Éigse go hoifigiúil agus tá Tadhg ag freastal ar an Éigse ó bhí sé ina ghasúr.

Duration:00:34:06

Caitlín Ní Chonghaile, iníon le Pateen Phádraic Tom Ó Conghaile as an Spidéal.

10/16/2018
More
Beidh comórtas amhránaíochta Phateen Phádraic Tom ar siúl arís i mbliana. Is i scoil Éinne sa Spidéal a bheidh sé ar siúl Dé Domhnaigh agus is comórtas do dhaoine óga ó faoi ocht suas go dtí ocht mbliana déag.

Duration:00:09:14

Ardtráthnóna: Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018.

10/16/2018
More
Caitlín Ní Chonghaile - comórtas amhránaíochta Phateen Phádraic Tom Ó Conghaile: Pádraic Chóil Neaine Pháidín, Matt Nolan agus Tadhg Ó Cróinín- Éigse Dharach Uí Chatháin.

Duration:01:01:34

Caitríona Ní Cheannabháin.

10/15/2018
More
Beidh Éigse Mhichael Mháire Ghabha ar siúl ar an Aoine 26 Deireadh Fómhair go dtí an Luan an 29 Deireadh Fómhair. Rinne Caitríona cur síos ar an himeachtaí ar fad atá le bheith ar siúl ar an deireadh seachtaine sin.

Duration:00:23:39

Pádraic Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Bridie agus Neain Dharach Uí Chatháin.

10/15/2018
More
Bhí Éigse Dharach Uí Chatháin ar siúl i Rath Chairn ar an deireadh seachtaine. Pádraic agus Séamus a thosaigh an Éigse an chéad lá riamh. Bhí clann Dharach sa mbaile as Leeds i gcóir na hÉigse agus labhair roinnt acu le Máirtín.

Duration:00:21:09

Ardtráthnóna: Dé Luain 15 Deireadh Fómhair 2018.

10/15/2018
More
Pádraic Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, Bridie agus Neain Uí Chatháin - Éigse Dharach Uí Chatháin: Caitríona Ní Cheannabháin - Éigse Mhichael Mháire Ghabha.

Duration:00:59:48

Ardtráthnóna: Déardaoin 11 Deireadh Fómhair 2018.

10/11/2018
More
Mír Nuachta: Mickey Willie Phat Ó Maolfhabhail - Báthadh Inis Gé: Seán Ó Murchú - taoille mór a bhí i mBóthar na Trá i 1951: Máire Joe - Imirt chártaí.

Duration:01:00:04

Ardtráthnóna: Dé Luain 08 Deireadh Fómhair 2018.

10/8/2018
More
John Beag Ó Flaithearta agus Pádraig Ó Lochlainn - Na hAncairí.

Duration:01:00:46

Emma Ní Fhallúin.

10/4/2018
More
Beidh Comhdháil dhá lá ar a dtugtar "Turas na mBan" ar siúl in Óstán an Broadhaven i mBéal a Mhuirthead, Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn. Rinne Emma cur síos ar céard atá i gceist leis an gcomhdháil agus ar a mbeidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine.

Duration:00:06:08

Christina Nic Dhonnacha, comhairleoir Slimming World, Rebecca Ní Chonghaile, Patrick Ó Fátharta agus Cóilín Chóil Beag Ó Ceallaigh.

10/4/2018
More
Bíonn rang Slimming World ar siúl Tigh Darby i mBéal a Daingin ó mí Eanáir, 2017 agus tá ag éirigh thar barr leis. Tá naoi gcloch fhichead caillte ag Cóilín, Patrick, agus Rebecca idir iad.

Duration:00:38:15

Ardtráthnóna: Déardaoin 04 Deireadh Fómhair 2018.

10/4/2018
More
Christina Nic Dhonnacha, Rebecca Ní Chonghaile, Patrick Ó Fátharta agus Cóilín Chóil Beag Ó Ceallaigh - Slimming World: Emma Ní Fhallúin - Turas na mBan.

Duration:01:00:53

Mír na Cartlainne.

10/3/2018
More
Mír na Cartlainne - Michael Phatch Bhreathnach as Gleann 'ac Muirinn nach maireann a bhí i bpíosa na cartlainne inniu. Sa bpíosa seo cloiseann muid Michael i mbun comhrá le Aingeal Ní Chonchubhair sa mbliain 1977.

Duration:00:20:08

Éanna Ó Cróinín, ó Choiste Éigse Dharach Uí Chatháin.

10/3/2018
More
Beidh Éigse Dharach Uí Chatháin ar siúl i Rath Chairn ar an deireadh seachtaine seo chugainn. Tosnóidh sé ar an Aoine an dara le déag agus leanóidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach an ceathrú lá déag. Rinne Éanna cur síos ar na himeachtaí ar fad atá le bheith ar siúl ag an Éigse.

Duration:00:20:09

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 03 Deireadh Fómhair 2018.

10/3/2018
More
Éanna Ó Cróinín - Éigse Dharach Uí Chatháin: Mír na Cartlainne.

Duration:00:57:29

Treasa Uí Chonaire, as Glinn Chatha, Ros Muc.

10/2/2018
More
Bhí Conamara siúlte ag Treasa ag cuartú crúibín Muc, bhí sí i trí shiopa déag, sula ar éirigh léi iad a fháil Tigh John Enda ar an Spidéal. Rinne sí cur síos ar an bhfear as an bhFrainc a d'inis de an bealach is fearr le iad a chócaráil.

Duration:00:18:08

Peadar Ó Conghaile, as Inis Meáin.

10/2/2018
More
Ag labhairt faoi go raibh fataí breá 'Roosters' aige i mbliaina, chomh maith le roinnt go na glasraí eile a bhí curtha aige.

Duration:00:12:24