Ardtráthnóna-logo

Ardtráthnóna

RTE Ireland

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol. Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

More Information

Location:

Casla, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol. Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506677

Email:

at@rte.ie

Episodes

Ardtráthnóna: Déardaoin 11 Deireadh Fómhair 2018.

10/11/2018
More
Mír Nuachta: Mickey Willie Phat Ó Maolfhabhail - Báthadh Inis Gé: Seán Ó Murchú - taoille mór a bhí i mBóthar na Trá i 1951: Máire Joe - Imirt chártaí.

Duration:01:00:04

Ardtráthnóna: Dé Luain 08 Deireadh Fómhair 2018.

10/8/2018
More
John Beag Ó Flaithearta agus Pádraig Ó Lochlainn - Na hAncairí.

Duration:01:00:46

Emma Ní Fhallúin.

10/4/2018
More
Beidh Comhdháil dhá lá ar a dtugtar "Turas na mBan" ar siúl in Óstán an Broadhaven i mBéal a Mhuirthead, Dé hAoine agus Dé Sathairn seo chugainn. Rinne Emma cur síos ar céard atá i gceist leis an gcomhdháil agus ar a mbeidh ar siúl le linn an deireadh seachtaine.

Duration:00:06:08

Christina Nic Dhonnacha, comhairleoir Slimming World, Rebecca Ní Chonghaile, Patrick Ó Fátharta agus Cóilín Chóil Beag Ó Ceallaigh.

10/4/2018
More
Bíonn rang Slimming World ar siúl Tigh Darby i mBéal a Daingin ó mí Eanáir, 2017 agus tá ag éirigh thar barr leis. Tá naoi gcloch fhichead caillte ag Cóilín, Patrick, agus Rebecca idir iad.

Duration:00:38:15

Ardtráthnóna: Déardaoin 04 Deireadh Fómhair 2018.

10/4/2018
More
Christina Nic Dhonnacha, Rebecca Ní Chonghaile, Patrick Ó Fátharta agus Cóilín Chóil Beag Ó Ceallaigh - Slimming World: Emma Ní Fhallúin - Turas na mBan.

Duration:01:00:53

Mír na Cartlainne.

10/3/2018
More
Mír na Cartlainne - Michael Phatch Bhreathnach as Gleann 'ac Muirinn nach maireann a bhí i bpíosa na cartlainne inniu. Sa bpíosa seo cloiseann muid Michael i mbun comhrá le Aingeal Ní Chonchubhair sa mbliain 1977.

Duration:00:20:08

Éanna Ó Cróinín, ó Choiste Éigse Dharach Uí Chatháin.

10/3/2018
More
Beidh Éigse Dharach Uí Chatháin ar siúl i Rath Chairn ar an deireadh seachtaine seo chugainn. Tosnóidh sé ar an Aoine an dara le déag agus leanóidh sé ar aghaidh go dtí an Domhnach an ceathrú lá déag. Rinne Éanna cur síos ar na himeachtaí ar fad atá le bheith ar siúl ag an Éigse.

Duration:00:20:09

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 03 Deireadh Fómhair 2018.

10/3/2018
More
Éanna Ó Cróinín - Éigse Dharach Uí Chatháin: Mír na Cartlainne.

Duration:00:57:29

Treasa Uí Chonaire, as Glinn Chatha, Ros Muc.

10/2/2018
More
Bhí Conamara siúlte ag Treasa ag cuartú crúibín Muc, bhí sí i trí shiopa déag, sula ar éirigh léi iad a fháil Tigh John Enda ar an Spidéal. Rinne sí cur síos ar an bhfear as an bhFrainc a d'inis de an bealach is fearr le iad a chócaráil.

Duration:00:18:08

Peadar Ó Conghaile, as Inis Meáin.

10/2/2018
More
Ag labhairt faoi go raibh fataí breá 'Roosters' aige i mbliaina, chomh maith le roinnt go na glasraí eile a bhí curtha aige.

Duration:00:12:24

Ardtráthnóna: Dé Máirt 02 Deireadh Fómhair 2018.

10/2/2018
More
Peadar Ó Conghaile - Fataí breá aige i mbliana: Treasa Uí Chonaire - Crúibín Muc.

Duration:00:59:50

Pádraig S. Ó Murchú, Béal an Mhuirthead.

10/1/2018
More
Tá Pádraig ag cuartú gaolta le Maggie O'Donnellan agus Andrew Boyle. Tá sé ag iarradh fháil amach céard a tharla dóibh. Bhí siad ina gcónaí i mBaile Ghib sa mbliain 1935.

Duration:00:12:11

Micheál Ó Domhnaill ó Ghlór na dTonn.

10/1/2018
More
Ag labhairt faoi go bhfuil sé fhéin agus ceathrar eile ag iarradh banna ceoil nua a bhunú. Níl aon ainm acu don bhanna ceoil fós.

Duration:00:16:20

Pól Ó Raghallaigh as Bácús Uí Dhonnchú.

10/1/2018
More
Ag labhairt faoi gur shnámh sé fhéin agus fear eile Mark Dixon, as Inis Gé ó Thuaidh go dtí an mórthír inniu - éacht nár déanadh cheanna. Eagraíodh snámh an lae inniu le airgead a bhailiú d'Oispidéal na nGasúr i gCromghlinn.

Duration:00:08:05

Ardtráthnóna: Dé Luain 01 Deireadh Fómhair 2018.

10/1/2018
More
Pól Ó Raghallaigh - snámh as Inis Gé ó Thuaidh go dtí an mórthír: Litir: Micheál Ó Domhnaill - Banna ceoil nua a bhunú: Pádraig S. Ó Murchú - Ag cuartú gaolta.

Duration:00:59:36

Bairbre Keane, as Nua Eabhrach.

9/27/2018
More
Is í Bairbre an bhean a chas an tamhrán do Sydney Robertson Cowell thiar i gCarna i dteach a muintire sa mbliain 1956.

Duration:00:23:45

Dr. Harty, Joanie Bharry agus Yvonne Cloherty.

9/27/2018
More
Agallamh a rinne Fionnuala leis an Dr. Harty roinnt seachtaine ó shin. Bhí Joanie agus Yvonne sa stiúideo ag caint ar an am a chaith siad ag obair leis an Dr. Harty.

Duration:00:21:56

Ardtráthnóna: Déardaoin 27 Meán Fómhair 2018.

9/27/2018
More
Dr. Harty - Ag dul amach ar phinsean: Joanie Bharry agus Yvonne Cloherty - Ag obair don Dr.Harty: Bairbre Keane - Sa taifead a rinne Sydney Robertson.

Duration:00:56:11

Mír na Cartlainne.

9/26/2018
More
I mír na cartlainne cuireann Máirtín amach trí amhrán agus piosaí cainte faoi eachtraí a bhaineann leis an mbádh.

Duration:00:30:18

Micheál Ó Cuaig.

9/26/2018
More
Ag cur síos ar an teacht le chéile atá eagraithe ag cairde Josie Sheáin Jeaic i gcuimhne air a bheidh ar siúl ar an deire seachtaine. Oíche Dé hAoine beidh oíche Airneáin agus ceoil acu. De Satharn beidh siad at tabhairt cuairt ar an uaigh agus beidh oíche amhráin agus ceoil acu le PJ Ó hIarnáin.

Duration:00:12:47