Splanc-logo

Splanc

Arts & Culture Podcasts

Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. Listen and subscribe to Splanc on Apple Podcasts, Google Podcasts and Spotify. Download, listen and subscribe on the Newstalk App. You can also listen to Newstalk live on newstalk.com or on Alexa, by adding the Newstalk skill and asking: 'Alexa, play Newstalk'.

Location:

Dublin, Ireland

Description:

Buaicphointí ón gclár Splanc ar Newstalk. Éist siar le cuid de na haíonna agus agallaimh is fearr ón gclár. Highlights from Splanc, the Irish language show on Newstalk. Listen back to some of our best guests and interviews from the show. Listen and subscribe to Splanc on Apple Podcasts, Google Podcasts and Spotify. Download, listen and subscribe on the Newstalk App. You can also listen to Newstalk live on newstalk.com or on Alexa, by adding the Newstalk skill and asking: 'Alexa, play Newstalk'.

Language:

Irish

Contact:

Ceanncheathrú Newstalk Teach Marconi Lána Digges Baile Átha Cliath 2 1890 453106


Episodes

Taoiseach nua, comharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste, Oscars agus peil Ghaelach éirithe ró-mhall

3/29/2024
An tseachtain seo labhraíonn Eoin Ó Cátháin faoin turas a bhí aige go Meiriceá agus faoin Taoiseach nua, Ciarán Mac Giolla Bhéin faoi chomharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste, Conall Mac Dhonnagáin faoi na Oscars agus Wrestlemania agus Daragh Ó Conchúir faoi fhadhbanna Shraith Náisiúnta Peile Allianz.

Duration:01:46:18

Club Leabhar Splanc: The Bee Sting

3/22/2024
The Bee Sting le Paul Murray atá á phlé ag Rónán agus Cuán an tseachtain seo. Abair linn céard a cheapann sibh faoin leabhar ar @splancnewstalk

Duration:00:19:14

Leo Varadkar, Simon Harris, Bréagadóirí, Bee Sting agus na Capaill

3/22/2024
Gráinne Ní Aodha, Rónán Mistéil, Kate Demolder agus Daragh Ó Conchúir atá sa stiúideo le barrscéalta na seachtaine anseo ar Splanc

Duration:01:36:42

Toghchán, AI, SXSW, Seachtain na Gaeilge agus Rugair

3/15/2024
An tseachtain seo ar Splanc: Ambasadóir #SnaG24 Aindriú de Paor, Síomha Ní Aonghusa ag labhairt ar ealaíontóirí a tharraing amach as SXSW, Daragh Ó Conchúir le spóirt na seachtaine agus Emmet Ryan leis na mórscéalta nuachta ó Kate Middleton go toghchán Mheiriceá.

Duration:01:39:15

Super Tuesday, Lá na mBan, Comhairle Craiceáilte agus Cheltenham

3/8/2024
Labhraíonn Cuán le hUrsula Savage faoi Super Tuesday agus cúrsaí polaitíochta, le hEmma Ní Chearúil ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, baill den Chomhairle Craiceáilte faoin bhfís nua atá ag an gComhairle Cathrach i leith ne Gaeilge agus le Daragh Ó Conchúir faoi na capaill!

Duration:01:46:15

RTÉ, Toghchán Mheiriceá, Kneecap, athchúrsáil ar scannáin, Willy's Chocolate Experience agus Jarlath Burns

3/1/2024
An tseachtain seo labhraíonn Eoin Ó Cátháin faoi RTÉ, Toghchán Uachtaránachta Mheiriceá agus Kate Middleton, Aoife Granville faoi chás Kneecap le Comhairle Ealaíon na Breataine, Louisa Ní Éideáin faoi easpa scéalta nua i scannáin agus teilifís agus Willy's Chocolate Experience i nGlaschú agus Daragh Ó Conchúir faoi Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael.

Duration:01:39:43

Club Leabhar Splanc: Claire Keegan

2/23/2024
Tá dhá leabhar léite ag Rónán agus Cuán an tseachtain seo - Small Things Like These agus So Late In the Day le Claire Keegan! Glac páirt i gClub Leabhar Splanc uair sa mí - leabhar mhí an Mhárta ná The Bee Sting le Paul Murray.

Duration:00:25:14

Metrolink, Claire Keegan, Barbie ar an Ardteist, LGFA agus Camógaíocht

2/23/2024
An tseachtain seo labhraíonn Eagraí Polataíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta Cuan Ó Seireadáin ar chathair Bhleá Cliath agus na forbarthaí ar mhaith leis a fheiceáil inti, Katie Whelan ar Metrolink, boscaí Telefóin, agus Barbie ar an Ardteist, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ag plé leabhra Claire Keegan, agus tá Daragh Ó Conchúir ag plé comhcheangal LGFA agus camógaíocht.

Duration:01:43:01

Rafah, Sacar, Superbowl, Ceol agus Cumhá

2/16/2024
Mórscéalta na seachtaine le Emmet Ryan, cúsaí sacar le Peadar Breathnach, mír ceol le Emma Ní Chearúil agus mír an spóirt le Daragh Ó Conchúir

Duration:01:38:08

Superbowl, Grammy's, roghanna saoil agus Sinn Féin

2/9/2024
Eoin Ó Catháin, Conall Mac Dhonnagáin, Sorcha Grieswood agus Daragh Ó Conchúir ar an gclár ag caint ar na scéalta is spéisiúla atá i mbéal an phobail go dtí seo i mí Feabhra

Duration:01:44:45

Bratacha Bríde, Deepfakes agus Chicken Dates, Stormont agus Wimbledon

2/2/2024
Katie Ní Fhaoláin, Louisa Ní Éideáin, Gráinne Ní Aodha agus Daragh Ó Conchúir linn an tseachtain seo le spórt, scéalta, siamsaíocht agus stair na féile Bríd - buaicphointí uile na seachtaine anseo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta! splanc@newstalk.com

Duration:01:43:42

Ian Bailey, Oscars, Ozempic, DaVinci Code agus Six Nations

1/26/2024
Ursula Ní Shabhaois le scéalta polaitíochta - agus scannánaíochta - na seachtaine, Kate Demolder mar gheall ar an druga Ozempic agus a úsáid, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ar DaVinci Code, agus Daragh Ó Conchúir maidir leis na Sé Náisiúin

Duration:01:41:55

Club Leabhar Splanc: The DaVinci Code

1/26/2024
Bhí sé thar am againn a phodchraoladh féin a thabhairt do Chlub Leabhar Splanc. Bí linn uair sa mí le Rónán Mistéil agus Cuán Ó Flatharta. Léigh na leabhra linn, agus labhair linn ag splanc@newstalk.com le do thuairimí a roinnt linn! Leabhra Feabhra: Small Things Like These agus So Late in the Day le Claire Keegan

Duration:00:29:25

Scéalta nuachta na seachtaine; 50 bliain ar aghaidh ó fheachtas stairiúil chraolacháin Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge; na cláir theilifíse gur chor dúinn breathnú ar; agus scéalta spóirt na seachtaine

1/19/2024
Pléann Emmet Ryan scéalta na seachtaine le Cuán; faighimid léargas ó Cholm Mac Gearailt ar fheachtas stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge agus iad ag iarraidh craolacháin i nGaeilge 50 bliain ó shin; insíonn Sinéad Ní Uallacháin dúinn faoi na cláir theilifíse is fearr faoi láthair; agus tá Daragh Ó Conchúir ag déanamh cur síos ar an méid atá ag titim amach sa spórt.

Duration:02:02:15

Súil chun cinn ar 2024, agus mná ar chóir ceiliúradh do Nollaig na mBan!

1/5/2024
Athbhliain faoi mhaise! Fáilte ar ais go Splanc 2024 - sa gcéad eagrán seo breathnaíonn Gráinne Ní Aodha agus Cuán Ó Fátharta chun cinn ar mhórscéalta agus toghcháin a thitfidh amach i 2024; tugann Conall Mac Dhonnagáin léargas ar na buaicphointí popchultúir lenar féidir linn a bheith ag súil; agus Nollaig na mBan ar an tsúil labhraíonn Katie Whelan ar chúigear ban ar chóir dúinn ceiliúradh; agus ainmníonn Daragh Ó Conchúir imreoirí spóirt na bliana 2023!

Duration:01:45:17

Splanc Wrapped: Leabhra na Bliana, Mórscéalta Spóirt agus Teic, Albaim 2023, Spreagadh don Bhliain 2024

12/29/2023
Caitheann Cuán súil siar ar scéalta 2023 anocht le cúnamh roinnt dár gcomhfhreagraithe: teicneolaíocht na bliana le hEmmet Ryan, albaim 2023 le hEmma Ní Chearúil, mórscéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir, agus leabhra na bliana le Rónán Mistéil - AGUS spreagadh don athbhliain ó Sheán Ó Dubhchon a labhraíonn faoina aistear aclaíochta i 2023!

Duration:01:44:31

Mórscéalta 2023, Leabhra agus Féiríní don nóiméad deireanacha, agus Spóirt na Seachtaine

12/22/2023
Súil siar ar mhórscéalta agus popchultúr na bliana le Louisa Ní Éideán. Conall Mac Dhonnagáin agus Rónán Mistéil le moltaí léitheoireachta Nollag, agus leabhra a bhféadfaí ceannach ag an nóiméad deireanach don Nollaig, agus Daragh Ó Conchúir le spóirt na seachtaine seo.

Duration:01:34:49

Córas onóir in Éirinn, na scéalta is déanaí don Pháirtí Coimeádach sa Bhreatain, moltaí teilifíse ar Netflix don Nollaig, flaithiúlacht JP McManus, agus na scéalta móra eile

12/15/2023
Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir le Cuán faoi fhlaithiúlacht JP McManus agus na scéalta móra eile.

Duration:01:41:14

McGregor san Áras, Mary Robinson agus ról na mban i ndul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, siamsaíocht & nósanna na Nollag agus scéalta móra spóirt

12/8/2023
An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht ina measc.

Duration:01:34:23

Shane McGown, Spotify, Siopadóreacht agus Scannáin Nollag!

12/1/2023
An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.

Duration:01:41:05