Ardtráthnóna-logo

Ardtráthnóna

158 Favorites

More Information

Location:

Casla, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol. Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506677

Email:

at@rte.ie


Episodes

Seán Ó Murchú, as Eanach Cuain.

9/21/2017
More
Rinne Seán cur síos ar Bobby Biggs, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Gaillimh, i 1938 sa bpeil agus a bhuaigh Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath, i 1942. Bhí Bobby ag tiomáint leoraí do, Tigh Mháirtín Mhóir i nGaillimh fadó.

Duration: 00:13:02


Ciarán Ó Ceallaigh, ó Éigse Dhara Beag Ó Fátharta, in Inis Meáin.

9/21/2017
More
Beidh Éigse Dhara Beag Ó Fátharta ar siúl ar an 6ú, 7ú agus 8ú, Deireadh Fómhair. Rinne Ciarán cur síos ar na himeachtaí ar fad a bheas ar siúl le linn an Éigse, idir ceol, amhráin agus filíocht.

Duration: 00:21:06


Joe Beag Dhonnchú, as an Aird Mhóir, nach maireann.

9/19/2017
More
Bhásaigh Joe Beag Dhonnchú ar an 13 Meán Fómhair 2017 go ndéana Dia Grásta air. Anseo cloiseann muid píosa cainte a rinne Joe Beag le Máirtín i 2007, rinne sé cur síos ar a shaol agus chas sé dhá amhrán.

Duration: 00:19:15


John Beag Ó Flatharta, as Foirnis Leitir Mealláin.

9/19/2017
More
Ghlac John Beag buíochas le chuile dhuine a thacaigh leis nuair a láinseáil sé a dhlúthdhiosca nua "The Banks of Casheen Bay", oíche Dé hAoine seo caite, Tigh Lee i Leitir Mealláin.

Duration: 00:27:46


Maitiú Ó Domhnaill, Ceoltóir Ceoltíre as Foirnis, i Leitir Mealláin.

9/18/2017
More
Beidh ócáid ar siúl oíche Déardaoin seo chugainn in Óstán Bhóthar na Trá, i nGaillimh áit a mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar Johnny Carroll a bheith trí scór bliain i ngnó na siamsaíochta ag casadh an trumpa. D’fhiafraigh Johnny Carroll ar Mhaitiú ceol a chasadh ag an ócáid.

Duration: 00:15:14


John Twin MacConmara, as Acaill, i gCo. Mhaigh Eo.

9/18/2017
More
Chuir sé síos ar an gcluiche inné idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath agus dúirt sé nach gcreideann sé féin san mallacht atá ráite a chuir sagart ar fhoireann Mhaigh Eo, i 1951. Tá Pádraic lag liúbach inniu mar gheall gur cháill Maigh Eo an cluiche, creideann Pádraic gur cháill Maigh Eo mar gheall ar an mallacht.

Duration: 00:14:52


Séamus Ó Marcacháin, as Sráid an Mhúraigh, i mBaile Átha Cliath.

9/18/2017
More
Chuir Séamus síos ar an gCluiche Ceannais idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath inné. An chéad phost a bhí aige riamh ná ag obair i bPáirc an Chrocaigh, i 1947. Tá sé 88 bliain d’aois anois agus is é an Gaeilgeoir deireanach é as Moore Street.

Duration: 00:21:08


Micheál Ó Domhnaill, ó Ghlór na dTonn.

9/11/2017
More
Beidh ócáid ar siúl Tigh Darby, i mBéal a Daingin ar an 22 Meán Fómhair ar mhaithe le Cancer Care West agus Western Alzheimers. Beidh ceol ann le Ceann Golaim ag a deich a chlog agus beidh Mick Flavin ag casadh ceoil ag leath uair tar éis a haon dhéag.

Duration: 00:09:17


Ann Marie Mhic Lochlainn, as Cora Fine, Co. na Gaillimhe.

9/11/2017
More
Beidh ócáid, Sprakle at the G, ar siúl sa G Hotel, i gCathair na Gaillimhe, Dé hAoine seo chugainn le haghaidh airgead a bhailiú d'Thomás, leaidín beag seacht mbliana, as Cora Finne a bhfuil Pairilis Cheirbreach (Cerebal Palsy) air. Beidh foireann rugbaí chonnacht ann ar an oíche agus réalta móra eile.

Duration: 00:11:52


Eoghan Mac Giolla Bhríde, as Dún na nGall agus Micheál Ó Conghaile, as Muiceannach Idir Dhá Sháile.

9/11/2017
More
Tá an scannán faoi Joe Éinniú curtha ar aghaidh ar son na hÉireann le Oscar a fháil ma dhéanann sé an gearrliosta. Scríobh Eoghan cuid den script le haghaidh an scannán. Bhí Micheál ag tógáil páirt Joe Éinniú sa scannán.

Duration: 00:19:33


Micheál Ó Súilleabháin, as Cluain Meala i gCo. Thiobraid Árann.

9/6/2017
More
Ag cur síos ar an gceolchoirm a bheas ar siúl Dé hAoine, sa gCeolÁras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, áit a mbeidh sé féin agus Iarla Ó Lionáird, Brendan Power, Kenneth Edge, Mel Mercier, Pádraic Keane agus Sinéad Hayes ag casadh ann.

Duration: 00:08:10


Mír na Cartlainne - Nioclas Tóibín, as Portláirge, nach maireann.

9/6/2017
More
Bhí sé ag caint le Tomás Ó Ceallaigh, sa mbliain 1975, faoi na amhránaithe agus amháin as Conamara a raibh aithne aige orthu.

Duration: 00:11:39


John Bhabha Jeaic Ó Conghaile.

9/6/2017
More
Tá John san Iorua faoi láthair agus beifear ag láinseáil leabhar thall ann anocht atá scríofa ag dream na hIorua faoi Cheantar na nOileán.

Duration: 00:09:56


Ardtráthnóna: Dé Máirt 05 Meán Fómhair 2017.

9/5/2017
More
Lucia Atencia - ón Spáin ó dhúchas ach atá i gconaí sa Trá Bháin i gConamara. D'fhoghlaim sí a cuid Gaeilge sa tír seo agus anois tá sí cáilithe mar mhúinteoir: Peadar Lamb, nach maireann - Píosa cainte a thóg Máirtín uaidh Pheadar thiar ar an gCeathrú Rua scór blian ó shin.

Duration: 00:55:58


Colm Seoighe, as Ros a' Mhíl.

9/4/2017
More
Ag cur síos ar an bpíosa físeán a chuir sé suas "utube" ina raibh sé féin agus a chuid asail, Bláithín agus Nóinín ann, agus tá 133,000 'Likes' faighte aige. Is é a fuair an dara háit sa gcomórtas faoi fhógraíocht a bhí á réachtáil ag Supermac's le gairid.

Duration: 00:12:19


Ruairí Ó Béarra, as Cois Fharraige.

9/4/2017
More
Ag labhairt faoi gur scríobhadh an t-amhrán 'Scaoil Amach an Bobailín' mar gheall go raibh brat Ghaillimh aige fhéin agus a chairde ag an gcluiche, i 1987 a raibh 'Scaoil Amach an Bobailín' scríofa air agus níor thaithin sé leis na Gardaí.

Duration: 00:10:44


Jimmy Breathnach, as an Rinn i bPort Láirge.

9/4/2017
More
Bhí Jimmy ag labhairt ar chluiche an lae inné a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.

Duration: 00:17:48


Ardtráthnóna: Dé Luain 04 Meán Fómhair 2017.

9/4/2017
More
Jimmy Breathnach - Craobh Iomána na hÉireann: Ruairí Ó Béarra - Scaoil Amach an Bobailín: Colm Seoighe - Físeán "utube".

Duration: 00:55:38


Máirín Windsor, as Baile Átha Cliath.

6/1/2017
More
Bhí Máirín ag obair sa Amercian Hotel i n Gaillimh nuair a thug John F. Kennedy cuairt ar Ghaillimh mí Meitheamh 1963, bhí sí thuas ar bhalcóin an Óstáin ag breathnú ar Khennedy agus gach ar a ag tarlú.

Duration: 00:13:54


Caitlín Nic Dhonnacha, Bainisteoir Mhargaíochta le Fíbín.

6/1/2017
More
Ag cur síos ar an seó "Pleasc" atá le bheith ar siúl acu ar an 16 Meitheamh ar an trá mhór in Indreabhán.

Duration: 00:08:12

See More