Blas Pod-logo

Blas Pod

Culture

Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.

Location:

United Kingdom

Genres:

Culture

Description:

Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.

Language:

English


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Taobhlíne Tostach, Seachtain Mheabharshláinte na Máithreacha

5/3/2024
Tá an cóitseálaí Michael Gerard Ó Dochartaigh linn le plé a dhéanamh ar an togra Silent Sideline de chuid CLG Uladh. Agus do Seachtain Mheabhairshláinte na Máithreacha, insíonn Maeve McAlister, a bhfuil triúr clainne aici, dúinn faoina taithí féin agus faoina thábhachtaí is atá sé aire a thabhairt do do mheabhairshláinte mar mháthair. In underage games, is silence from the sidelines golden? Coach Michael Gerard Ó Dochartaigh joins us to discuss the Silent Sideline initiative from Ulster GAA. For Maternal Mental Health Week, Maeve McAlister, mother of three, speaks of her own experience and how important it is to look after maternal mental health.

Duration:00:15:14

Ask host to enable sharing for playback control

Turas Úr: Sliabh gCuillinn, Eascair.

4/26/2024
Mar a deir an seanfhocal: an áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa thú, agus is fíor sin go cinnte maidir le Proinsias Ó Coinn, a bhfuil tuairisc aige dúinn ó Shliabh gCuillinn, áit a ndeachaigh sé ag spaisteoireacht mar chuid den mhionsraith Turas Úr. Fosta, cluineann muid ó Dheirbhile Ní Chianáin, eagarthóir Gaeilge ar an iris úr litríochta, Eascair, faoin chéad eagrán a eisíodh le déanaí. As the proverb says: where your heart lies, your feet will take you, and this is certainly true of Proinsias Ó Coinn and his report from Slieve Gullion, where he took a hike as part of our occasional series, Turas Úr. We also hear from Deirbhile Keenan, the Irish language editor of a new literary magazine, Eascair, about their recently published first edition.

Duration:00:21:29

Ask host to enable sharing for playback control

Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, Déagóirí faoi Strus, Skortaí

4/19/2024
Do Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, labhraíonn Caoimhe le Storm Eaton-Kilgallen, léiritheoir raidió faoi oiliúint, agus le Conchúr Ó Faoláin, láithreoir Raidió na Life, faoi thábhacht an mheáin, go háirithe do chraoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm. Cluineann muid moltaí an tsíciteiripeora Bronagh Starrs do dhéagóirí atá faoi strus agus aimsir na scrúdaithe ag teannadh linn. Tá feistis imreoirí Chamógaíochta faoi chabail fosta agus cinneadh déanta nach mbeidh cead ag imreoirí briste gairide a chaitheadh nuair is mian leo. Tá Rebecca Ní Dhonnaile agus Catríona Nic an tSaoir linn leis sin a phlé. For World Amateur Radio Day, Caoimhe chats to trainee radio producer Storm Eaton-Kilgallen and Raidió na Life presenter Conchúr Ó Faoláin about the medium’s importance - especially for broadcasters starting out on their careers. Psychotherapist Bronagh Starrs has advice on how best to support teenagers under stress as exam season approaches. Rebecca Ní Dhonnaile and Catríona Nic an tSaoir join us as Camogie players’ kit is under discussion, too as a decision has been made that players won’t be able to make their own decisions over wearing shorts or skorts.

Duration:00:29:07

Ask host to enable sharing for playback control

Gearrscannán Le Chéile, Tionscnamh Imirce.

4/12/2024
Is féidir dul siar anois ar bhóithrín na staire i mbailiúchán speisialta de litreacha lámhscríofa ó imircigh Éireannacha thar tréimhse 400 bliain, bailiúchán atá ar fáil ar líne in áis dar teideal Imirce, trí mhíorúilt na teicneolaíochta úire agus tríd scil agus díograis na mbailitheoirí. Agus tá siad ag lorg tuilleadh litreacha – go háirithe, litreacha as Gaeilge! Tá an tOllamh Breandán Mac Suibhne linn leis an scéal a mhíniú. Fosta, is iarscoláire Ghaelscoil Éadain Mhóir i nDoire í an stiúrthóir agus scríbhneoir óg, Róise Nic an Bheatha, a bhfuil a gearrscannán úr Le Chéile/Ri Chèile, i nGaeilge agus Gaeilge na hAlban, ag gnóthú spotaí i bhféilte scannán ó Toronto go hOileán Acla. Labhraíonn sí linn ó Albain, áit a bhfuil sí lonnaithe anois. A journey back in time, via a fascinating collection of handwritten letters from Irish immigrants over a period of 400 years, can now be enjoyed in an online resource named Imirce, made possible by the miracles of modern technology married with the skill and hard work of the collectors. And they are looking for more letters – especially letters in Irish! Professor Breandán Mac Suibhne joins us to explain the story. Róise Nic an Bheatha, who attended Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry, has written and directed a new short film, in Irish and Scottish Gaelic, which is garnering spots in film festivals from Toronto to Achill Island. She speaks to us from Scotland, where she is now based.

Duration:00:21:22

Ask host to enable sharing for playback control

Teach s'Againne

4/5/2024
We listen to highlights from Teach s'Againne, a series produced by Triplevision Productions for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, we hear parents’ experience of the various stages of raising their children

Duration:00:25:21

Ask host to enable sharing for playback control

Inmheatróis, Oireachtas na Samhna agus Móragallamh le Caoimhín Ó Buachachalla

3/28/2024
Labhraíonn Maeve McElduff faoina taithí féin leis an inmheatróis agus tá Oireachtas na Samhna ag teacht go Béal Feirste sa bhliain 2025 agus tá Jake Mac Siacais linn leis an nuacht a phlé. Suíonn Caoimhe Ní Chathail síos le Caoimhín Ó Buachalla, Éireannach a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite i Meiriceá aige agus a d'fhoghlaim Gaeilge le linn na paindéime. Maeve McElduff speaks about her experience suffering from endometriosis and how it has impacted her life. Oireachtas na Samhna returns to Belfast in 2025 and Jake Mac Siacais joins us to discuss the good news. Caoimhe Ní Chathail sits down with Caoimhín Ó Buachalla, an Irish man who spent most of his life in the USA but learned Irish during the pandemic.

Duration:00:39:46

Ask host to enable sharing for playback control

Tristan Rosenstock, Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, Kayak Ó Thuaidh, Blas Ceoil 15

3/8/2024
Labhraíonn Dáithí le Tristan Rosenstock ar a shaol agus a shaothar. Buaileann Caoimhe Chats le Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor, Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge. Pléann Tessa Fleming agus Irial Ó Ceallaigh a sraith úr theilifíse, Kayak Ó Thuaidh. Téann beirt laochra Blas Ceoil, Lynette Fay agus Caoimhe Ceol Ní Chathail, siar a bhóithrín na smaointe agus an clár anois cúig bliana déag ar an aer. Tristan Rosenstock chats to Dáithí about his life and work. Caoimhe Chats meets Seachtain na Gaeilge Ambassadors, Kayleigh Trappe and Aindriú de Paor. Tessa Fleming and Irial Ó Ceallaigh give us a flavour of their new TV series, Kayak Ó Thuaidh. And Blas Ceoil stalwarts Lynette Fay and Caoimhe Ceol Ní Chathail look back over their times at the helm as the show celebrates its 15th year.

Duration:00:40:15

Ask host to enable sharing for playback control

Lá Pokémon, Dilchuimhne ar Chormac Mac an Ailín, Lá na nGalar Neamhchoitianta.

3/1/2024
Ar Lá Domhanda Pokémon, tá gach eolas do Dháithí ag saineolaí agus móidín, Antaine Mac Aoidh. Fiche bliain ó cailleadh an laoch óg peile Cormac Mac an Ailín, labhraíonn a dheartháir Dónal le Fearghal ar Blas Ón Taobhlíne. Ar Lá na nGalar Neamhchoitianta, roinneann Máirín Ní Bheacháin, a bhfuil an riocht Moya Moya uirthi, a taithí féin le Niamh Nic Oistigín. On Pokémon Day, Dáithí chatted to superfan, Anthony McKee. dTwenty years after the passing of young Tyrone football legend, Cormac McAnallen, he’s remembered on Blas Ón Taobhlíne by his brother, Dónal. On Rare Disease Day, Máirín Ní Bheacháin, who is living with the condition, Moya Moya, shared her story with Niamh Costigan.

Duration:00:29:29

Ask host to enable sharing for playback control

Aeracha Uladh, Saolta ’s Gaolta, Na Peirsigh, Athchóirithe Teilifíse idir Mhaith agus Olc.

2/23/2024
LGBT+ GAA Club turns two, New series of Saolta ’s Gaolta, The Persians are coming, TV adaptation Ws and Ls. Labhraíonn Fearghal Mag Uiginn le Ciarán Mac Loughlann faoin chlub peile Aeracha Uladh. Pléann deartháireacha Séimí agus Colm Mac Aindreasa an tsraith úr de Saolta ’s Gaolta le Dáithí. Cluinimid ó Naoise Mac Cathmhaoil faoina ról úr sa léiriú, Na Perisigh. Agus amharcann Póilín Nic Géidigh agus Caoimhe Chats Ní Chathail ar chóirithe teilifíse. Ciarán Mac Loughlann on Aeracha Uladh, brothers Séimí agus Colm Mac Aindreasa on the new series of Saolta ’s Gaolta, Naoise Mac Cathmhaoil on his role in The Persians and Póilín Nic Géidigh and Caoimhe Chats Ní Chathail assess the wins and fails of TV adaptations.

Duration:00:24:27

Ask host to enable sharing for playback control

Mórscéalta Nuachta 2023, Coirnéal Comhairleach na Nollag, Gael Linn ag 70.

12/15/2023
Áine Ní Bhreisleáin, Gearóid Ó Muilleoir agus Ciarán Ó Pronntaigh ar na scéalta nuachta ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orthu i mbliana, Coirnéal Comhairleach na Nollag agus Dónal O'Connor agus Réamonn Ó Ciaráin ar Gael Linn ag 70. Áine Ní Bhreisleáin, Gearóid Ó Muilleoir and Ciarán Ó Pronntaigh look back at the year’s biggest news stories. Advice from Caoimhe’s Christmas Agony Aunts. Dónal O’Connor and Réamonn Ó Ciaráin on Gael Linn at 70.

Duration:00:22:04

Ask host to enable sharing for playback control

Thar Lear Am Nollag, Murphictiúr an Ardrí, Ceol ó Fergus Ó hÍr.

12/8/2023
Ciara De Brún i gCeanada agus Shauna Ní Dhochartaigh sna Stáit Aontaithe ag caint ar an Nollaig a chaitheamh thar sáile den chéad uair. Daoine a bhí i láthair ag seoladh an mhurphictiúir in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí ag labhairt ar oidhreachta an Ardrí. Agus píosa cainte le Fergus Ó hÍr faoina albam úr Deep In My Heart. Ciara De Brún in Canada and Shauna Ní Dhochartaigh in the US ón spending Christmas away from home for the first time. Rónán Mac Aodha Bhuí mural unveiled in Belfast. And Fergus Ó hÍr on his new album, Deep In My Heart.

Duration:00:21:11

Ask host to enable sharing for playback control

Comhdháil Aeráide na Náisiún Aontaithe, Cúrsaí Sacair, Movember.

12/1/2023
Calum MacLaren ar chomhdháil bhliantúil aeráide na Náisiún Aontaithe. Seán Ó Conaill ar chúrsaí sacair. Seán Ó Maolchiaráin agus James Ó Flatharta ar Movember. Calum MacLaren on the annual UN Climate Change Conference, Seán Ó Conaill on all things soccer, and Seán Ó Maolchiaráin and James Ó Flatharta tell us about their Movember.

Duration:00:23:53

Ask host to enable sharing for playback control

Overview

11/24/2023
Labhraíonn Caoimhe Ceol Ní Chathail leis an cheoltóir Pádraigín Ní Uallacháin faoina halbam úr. Cluineann muid faoi thograí úra leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa CLG. Pléann An tAthair Brian Ó Fearraigh deasghnácha fairí agus tórramh i ndiaidh gur foilsíodh staidéar úr ó Ollscoil Uladh a léiríonn go dtig le fairí traidisiúnta na hÉireann cuidiú le daoine deileáil níos fearr le cailliúint.

Duration:00:22:34

Ask host to enable sharing for playback control

Caoimhe Ní Chathail

11/17/2023
Labhraíonn Caoimhe Ceol Ní Chathail leis an cheoltóir agus cruitire Nodlaig Ní Bhrollaigh faoina halbam úr. Cluineann muid ó Iomain Cholmcille a thit amach i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Tugann an t-aisteoir agus láithreoir, Seosamh Mac Seoin, leargás dúinn ar an ghearrscannán úr a bhfuil sé ag obair air agus fosta insíonn sé dúinn go bhfuil siad sa tóir ar aisteoirí. Caoimhe Ceol Ní Chathail chats to singer and harpist Nodlaig Ní Bhrollaigh about her new album. We hear from the Iomain Cholmcille weekend in Belfast where Gaeil from Ireland and Scotland gathered to play a mixture of shinty and hurling. Actor & Presenter Seosamh Mac Seoin tells us about the actor call-out for the new Irish short film he is working on.

Duration:00:23:11

Ask host to enable sharing for playback control

Angus Lambkin, Eoghan Ó Néill, Oireachtas na Samhna

11/10/2023
Ar an eagrán seo tá Angus Lambkin, Gael de bhunadh Bhéal Feirste atá ag obair i rólanna éagsúla i ngóthaí daonnúla idirnáisiúnta leis na blianta, an t-iriseoir Eoghan Ó Néill, a bhain Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana agus glórtha óga an Oireachtais le cloisteáil.

Duration:00:19:24

Ask host to enable sharing for playback control

Cúán Mac Conghail, Cás Cúirte Stairiúil san Eoraip, Saol agus Saothar An Dr Art Hughes

10/11/2023
Cúán Mac Conghail ar a thógáil le Gaeilge in Áth Cliath na seachtóidí agus na hochtóidí. I gcás eisiach agus stairiúil, tá seisear daoine óga de bhunadh na Portaingéile ag maíomh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sárú na gcearta daonna s’acu an easpa gnímh ó rialtais na hEorpa maidir le hathrú aeráide. Labhair Caoimhe Chats Ní Chathail le Gearóid Ó Cuinn, duine de na dlíodóirí a bhí ag tacú leo sa chás seo. Labhair an Dr Art Hughes le Máire Bhreathnach, léachtóir, scríbhneoir agus gníomhaí teanga, faoina shaol ag fás aníos i dtuaisceart Bhéal Feirste, faoi a bheith ag teagasc ag leibhéal ollscoile agus faoina shaothar, a chéad úrscéal san áireamh. Cúán Mac Conghail on his upbringing in the Irish language in the Dublin of the seventies and eighties and his Irish language heritage. Six young people from Portugal are taking an unprecedented and historic case to the European Court of Human Rights claiming that the inaction of European governments on climate change constitutes a violation of their human rights. Caoimhe Chats Ní Chathail talked to Gearóid Ó Cuinn, one of the lawyers supporting their action. Dr Art Hughes, lecturer, writer and language activist, discusses his life and work from growing up in north Belfast to the publication of his first novel.

Duration:00:24:03

Ask host to enable sharing for playback control

Bliain Órga Dhoire, Breandán Ó Doibhlin, Céim Ollscoile do Thionchairí.

9/29/2023
Súil siar 30 bliain Ón Taobhlíne go lá aislinge Dhoire nuair a bhain siad Corn Mhig Uidhir den chéad uair. Cuimhníonn Fionntán de Brún ar an Mhoinsíneoir Breandán Ó Doibhlin. Pléann Hugh Mac Giolla Cheara an saol ar líne agus céim ollscoile anois ann do thionchairí. A look back 30 years to Derry’s date with destiny when they raised the Sam Maguire for the first time. Fionntán de Brún remembers Monsignor Breandán Ó Doibhlin. Hugh Carr looks at life online and the University Degree for influencers.

Duration:00:19:29

Ask host to enable sharing for playback control

Cuimhní ar Rónán Mac Aodha Bhuí, Mirrorball, Corn Ryder, Bog Amach.

9/22/2023
Cuimhníonn Tomaí Rua Ó Conghaile agus painéal Mháire Bhreathnach ar laoch na craoltóireachta Gaeilge, Rónán Mac Aodha Bhuí. Tugann Seán Ó Baoill a léirmheas ar an cheoldráma, Mirrorball. Amharcann Aodhán Ó Baoill chun tosaigh chuig Corn Ryder. Agus labhraíonn Emer Mhic an Fhailí agus Emma Devlin ar an tsraith úr teilifíse BBC Gaeilge, Bog Amach. Rónán Mac Aodha Bhuí remembered. Seán Ó Baoill reviews Mirrorball. Aodhán Ó Baoill looks ahead to The Ryder Cup. Emer Mhic an Fhailí and Emma Devlin give the low-down on new BBC Gaeilge property series, Bog Amach.

Duration:00:26:45

Ask host to enable sharing for playback control

Súil Siar ar 1998: CLG, Amharclannaíocht, Nuacht agus Faisean.

9/15/2023
Agus Blas ag ceiliúradh 25 bliain ar an aer, amharcann muid siar ar an saol mar a bhí sa bhliain 1998. Máire Treasa Ní Cheallaigh ar bhua Uile-Éireann fhoireann peile na Gaillimhe. Bríd Ó Gallchóir, stiúrthóir Aisling Ghéar, ar chúrsaí amharclannaíochta le 25 bliain anuas. Gearóid Ó Muilleoir agus Máirín Ní Ghadhra ar na scéalta móra nuachta a bhris sa bhliain 1998. Moya Doogan agus Áine Ní Bhreisleáin le súil siar ar chúrsaí faisin.

Duration:00:14:58

Ask host to enable sharing for playback control

Buntrealamh na Féile, Seachtain Sláinte na bhFear, Stair Pheil na mBan.

6/16/2023
Buntrealamh na Féile le Tessa Fleming ó Féile na Gealaí, Eoghan Ó Loideáin agus Irial Ó Ceallaigh ar Seachtain Sláinte na bhFear, Hayley Kilgallon ar Stair Pheil na mBan. Festival Essentials with Tessa Fleming from Féile na Gealaí, Eoghan Ó Loideáin and Irial Ó Ceallaigh on Men’s Health Week, Hayley Kilgallon on the History of Ladies’ Football.

Duration:00:30:14