Adhmhaidin-logo

Adhmhaidin

RTE Ireland

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin. News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers. Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní THuairisg

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin. News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers. Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní THuairisg
More Information

Location:

Casla, Ireland

Networks:

RTE Ireland

Description:

Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin. News and current affairs programme covering national, international and regional news as well as sports update and what it says in the papers. Láithreoir/Presenter: Gormfhlaith Ní THuairisg

Twitter:

@RTERnaG

Language:

Irish

Contact:

Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 91 506629


Episodes

Liam Ó Loingsigh

9/25/2018
More
Bhí Gardaí ag dul ó theach go teach i nDairbhre inné ag cuartú eolais sa bhfiosrúchán atá siad a dhéanamh faoi chás Naíonáin Chiarraí a fritheadh ar thrá i 1984 agus é sáite cúpla geábh

Duration:00:03:19

Comhairleoirí Mick Gleeson & Toireasa Ní Fhearaíosa

9/25/2018
More
Socraíodh ag Cruinniú Speisialta de Chomhairle Contae Chiarraí inné nach hardófaí An Cháin Mhaoine áitiúil don mbliain seo chugainn.

Duration:00:05:10

Sháuna Malanaphy

9/25/2018
More
Tá imní ar Chumann Ailse na hÉireann faoin gcineál eolas a aimsíonn daoine sa lá atá inniu ann, faoin ngalar ailse, agus go bhfeádfadh cuide den eolas sin a bheith mí-chruinn.

Duration:00:04:06

Comh. Mícheál Choilm Mac Giolla Easpaig

9/25/2018
More
Glacadh d'aonghuth le rún a mhol an Comhairleoir Condae Mac Giolla Easpaig ag cruinniú míosúil na Comhairle Condae inné, cur in aghaidh dúnadh oifigí poist i nDún na nGall.

Duration:00:06:00

Dr TJ Ó Ceallaigh

9/25/2018
More
Tá dréacht threoir do bhunscoileanna Gaeltachta atá san Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta seolta anois ag an Roinn Oideachais. Bhí láimh ag TJ sa gcáipéis.

Duration:00:05:28

Seán Egan

9/25/2018
More
Cumann CLG Mhachaire Cluana i gCondae Mhuineacháin, dúnta agus gan cead isteach ag aon duine ,áit ar thug an talamh uaidh ansin. Comhlacht Gyproc ag déanamh scrúdú ar an áit.

Duration:00:05:27

Séamus Breathnach

9/25/2018
More
Dhiúltaigh Comhairle Contae na Gaillimhe do dhá thríú den na hiarratais ar iasacht faoin scéim náisiúnta le tithe a thógáil faoin gclár Aththogáil Éireann.

Duration:00:05:31

Mícheál Ó Leidhin

9/25/2018
More
Tá foláireamh tugtha ag an Taoiseach don Aire Stáit Catherine Byrne go dtabharfaí bata agus bóthar di mura dtacaíonn sí leis an Aire Tithíochta, Eoghan Murphy. SF le rún mímhuiníne a chur san Aire Tithíochta thráthnóna. Coiste na gcuntas poiblí le ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí caiteachais In Áras an Uachtaráin.

Duration:00:05:19

Spórt

9/25/2018
More
Mícheál Ó Tuathail

Duration:00:03:35

Príomhscéalta na Nuachtán :

9/25/2018
More
Máire Bríd Ní Chualáin

Duration:00:01:21

Nuacht An Iarthair:

9/25/2018
More
Marion Ní Shuilleabháin

Duration:00:03:13

Nuacht An Tuaiscirt

9/25/2018
More
Áine Ní Bhreisleáin:

Duration:00:02:15

Nuacht An Deiscirt:

9/25/2018
More
Jeaicí Mac Gearailt.

Duration:00:02:40

Nuacht Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

9/25/2018
More
Máire de Bhailís

Duration:00:01:59

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTE Raidió na Gaeltachta.

9/24/2018
More
Ag ócáid a bheas sna Forbacha ar maidin inniu, seolfaidh Cathaoirelach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachóir branda nua do Ghaeltacht na tíre.

Duration:00:04:49

John Downing, Irish Independent.

9/24/2018
More
Brú ag teacht ar an Aire Tithíochta Eoghan Murphy faoin ngéarchéim tithíochta, ón bhfeachtas ‘take back our cities’ agus Sinn Féin le rún mí mhuiníne a chur san Aire Dé Máirt.

Duration:00:02:06

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

9/24/2018
More
Dóchas anois ann nach mbeidh íosghrádú le déanamh ar Ospidéal na hOllscoile Ciarraí. Ceapadh roimhe seo go raibh an baol an de bharr deacraíochtaí earcaochta.

Duration:00:02:43

Dr Anne Ryan, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

9/24/2018
More
An Eagraíocht ‘Bun Ioncam Éireann ag moladh athrú a chur ar an gcaoi a ndéantar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Eolas le tabhairt ag ócáid i nGaillimh anocht.

Duration:00:05:13

Éamon Ó Cuív, T.D. Gaillimh Thiar.

9/24/2018
More
Deir sé nach bhfuil cinnireacht dá ‘speáint ag an Aire Stáit Joe Mc Hugh faoin tseirbhís aeir go trí Oileán Árann, atá i mbaol ón 6ú á de mhí na Nollag.

Duration:00:05:31

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

9/24/2018
More
Tá oibrithe i gcomhlacht R.A Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair atá ina mbaill den cheardchumann SIPTU amuigh ar stailc ón 7 ar maidin inniu.

Duration:00:03:31