Learn Irish with daily podcasts-logo

Learn Irish with daily podcasts

Education Podcasts

Short sentences with English translations

Location:

United States

Description:

Short sentences with English translations

Language:

English


Episodes
Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260417_IRISH__an_t-amhranai_mor_le_ra_moya_brennan_tar_eis_bhais

4/17/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dgmvzon Contact: irishlingos@gmail.com Legendary singer Moya Brennan has died. An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis. Northwest Reporter The famous singer from the Donegal Gaeltacht, Moya Brennan, has died. Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis. She was 73 years old and had been ill for some time. Bhí sí 73 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall. Máire Ní Bhraonáin first achieved fame as the lead singer and harpist with the group Clannad from Dobhar in Gaoth Dobhair. Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair. Máire was the eldest of nine children – Clannad – who took music seriously since 1970. Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970. She, her sister Eithne (Enya) and her brothers captivated millions with their modern versions of Irish music before taking to the international stage and singing English songs. Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla. It was their own Irish language song they recorded for the television series Harry’s Game in 1982 that introduced them to the wider world outside of Ireland. Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry’s Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d’Éirinn. “The east and the west, which have always come, the moon and the sun will go… “Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian … ” – part of the significance of those lyrics and Máire’s magical voice together. ” – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht. From a young age, Máire was involved in music at home with her mother Máire Ní Dhúgáin, later in dance halls and in her father’s pub, Leo Brennan, and in local gigs in Gaoth Dobhair. Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair. Much later, she recorded music with some of the greatest performers of her time, such as Bono and Shane MacGowan. I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan. She recorded a total of 25 albums – with Clannad and on her own – and sold 20 million of them. 25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu. In the Year of the Millennium, she sang her song Perfect Time on World Youth Day in Rome in front of Pope John Paul II and two million pilgrims. I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach. Her voice can also be heard on major films such as Titanic, King Arthur and To End All Wars. Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars. Since 2007, Moya has performed in the female group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread and Tríona NÍ Dhomhnaill. Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill. Since 2013 she has returned to harp music with a new traditional group. Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta. Moya often donated her musical talents free of charge to causes and charities close to her heart, including the families of the Creeslough disaster in her own county. Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh...

Duración:00:14:03

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260411_IRISH__imhsuite,_scuaini,_tranglam_trachta_ar_an_4u_la_den_agoid_breosla

4/11/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yy296s Contact: irishlingos@gmail.com Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest. Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla. There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State. Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát. Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight. Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht. This has already happened to hundreds of others, in the south and west. Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar. There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate. Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them. De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid. An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port. Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe. Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East. Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear. And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored. Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d’fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart. In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards. Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair. This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles. Ar mhaithe le soláthar d’fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun. Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet. Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d’ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós. But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters. Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde. People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blocked that major ring road. Is féidir le daoine uasdátú a fháil...

Duración:00:14:58

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260406_IRISH__an_file_gabriel_rosenstock_basaithe

4/7/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/252unhu8 Contact: irishlingos@gmail.com Poet Gabriel Rosenstock has died. An file Gabriel Rosenstock básaithe. Poet and writer Gabriel Rosenstock has died at the age of 76. Tá an file agus scríbhneoir Gabriel Rosenstock tar éis bháis agus é 76 bliain d’aois. His family confirmed his death this evening in a statement about “an international poet who brought many of the world’s great writers to the attention of Irish language readers“. A chlann a dheimhnigh a bhás tráthnóna i ráiteas faoi “fhile idirnáisiúnta a chuir go leor de mhórscríbhneoirí na cruinne faoi shúile lucht léitheoireachta na Gaeilge”. He believed “in the power of poetry” they said “and in the ability of poetry to build bridges between cultures”. Chreid sé “i gcumhacht na filíochta” a dúirt siad “agus i gcumas na filíochta droichead a thógáil idir cultúir”. “He was a prolific and restless soul who published over 400 books.” “Anam torthúil agus corrach a bhí aige a d’fhoilsigh breis is 400 leabhar. We will miss him, all of us who knew him and read his writing. Aireoidh muid uainn é, iad siúd go léir a raibh aithne againn air agus a léigh a chuid scríbhneoireachta. “At the right hand of God, may his soul rest in peace.” Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.” Gabriel Rosenstock spoke for several weeks to the Irish Independent and Raidió na Gaeltachta – speaking with his broadcaster son Tristan on the programme “The Man Who Was Never Born” – about his cancer which had spread, the treatment which was no longer working and his acceptance before his death. Labhair Gabriel Rosenstock le roinnt seachtainí leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta – ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár “An fear nár saolaíodh riamh” – faoin ailse a bhí air a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás. He was keeping a diary about his time with the illness and his attitude towards it. Bhí sé i mbun dialainne faoina thréimhse leis an tinneas agus a dhearcadh ina leith. He spoke courageously to Nuacht TG4 a few days before his death, looking back on his life and forward to eternity. Labhair sé go misniúil le Nuacht TG4 cúpla lá sular cailleadh é, ag breathnú siar ar a shaol agus chun cinn chun na síoraíochta. He was born in Kilfinane in Co. Limerick. I gCill Fhíonáin i gCo Luimnigh a rugadh é. His mother was a nurse from Athenry in Co. Galway, and his father was a doctor and writer from Germany. Altra as Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe a bhí ina mháthair, agus dochtúir agus scríbhneoir as an nGearmáin a bhí ina athair. He first achieved fame at University College Cork, in the Innti group of poets, which also included Michael Davitt, Liam Ó Muirthile and Nuala Ní Dhomhnaill. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh a bhain sé cáil amach ar dtús, sa ngrúpa filí Innti, ina raibh Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill freisin. He was a member of Aosdána and a former Chairman of Poetry Ireland/Éigse Éireann. Ball d’Aosdána a bhí ann agus iarChathaoirleach ar Poetry Ireland/Éigse Éireann. He wrote poetry, drama, haiku, novels, essays and translated over 180 works. Thug sé faoin bhfilíocht, drámaíocht, haiku, úrscéalta, aistí agus aistriúchán ar bhreis is 180 saothar. He is survived by his wife Eithne and their children. Maireann a bhean Eithne agus a gclann. Gabriel Rosenstock in 2021 Gabriel Rosenstock i 2021

Duración:00:10:41

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai

4/4/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2crqp59b Contact: irishlingos@gmail.com Trump threatens to bomb Iran. Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí. In a televised speech last night, US President Donald Trump claimed that American military forces in Iran had almost achieved all of their objectives. In óráid teilifíse a thug sé uaidh aréir, mhaígh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh a gcuid cuspóirí ar fad nach mór bainte amach ag fórsaí míleata Mheiriceá san Iaráin. Nevertheless, Trump said, the Americans will continue to bomb and destroy Iran until that country is “back in the stone age again”, as he put it. Ina dhiaidh sin féin, arsa Trump, leanfaidh na Meiriceánaigh orthu ag buamáil agus ag bánú na hIaráine nó go mbeidh an tír sin “ar ais sa chlochaois arís”, mar a dúirt sé. He indeed threatened that the bombing would intensify in the next two or three weeks. Bhagair sé go deimhin go ngéarófaí ar an mbuamáil as seo go ceann coicíse nó trí seachtaine. All that offensive rhetoric from Trump despite the fact that the American people – or at least a large portion of them – are sick and tired of his proclivity for war, if the latest polls are true. An rá mata oilbhéasach sin ar fad ó Trump in ainneoin bhunáite mhuintir Mheiriceá – nó cuid mhór díobh ar an gcuid is lú de – a bheith tinn tuirseach den luiteacht atá aige le cogaíocht, más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí. A card game is Trump’s favorite game, apparently, or at least the one he talks about most often. Cluiche cártaí an tsamhail is ansa le Trump, de réir dealraimh, nó is minice óna bhéal ar chuma ar bith. “We have all the cards“, he said last night, “and none of them (the Iranians)”. “Is againne atá na cártaí uile“, a dúirt sé aréir, “agus gan oiread agus ceann acusan (na hIaránaigh)”. However, international markets have turned a blind eye to Trump’s remarks and have not respected his own ‘one Trump’, as Brent crude oil prices rose to $108.15 a barrel this morning – a 7% increase from yesterday. Ar a shon sin, is ‘súil na muice’ a chaith lucht na margaí idirnáisiúnta ar reacaireacht Trump agus gan meas ‘an aoin truif’ féin acu ar a ndúirt sé, arae dhaoirsigh amhola Brent go dtí $108.15 an bairille ar maidin inniu – ardú de 7 faoin gcéad ó inné. But like financiers, Taoiseach Micheál Martin has no respect for Trump’s negative rhetoric, especially what he said about re-stoning Iran with bombs. Ach an oiread le lucht airgeadais, níl aon mheas ag an Taoiseach Micheál Martin ar chaint dhíblí Trump, go háirithe a ndúirt sé faoin Iaráin a ath-chlochaoisiú le buamaí. “Such talk is unacceptable,” said the Taoiseach. Níl glacadh ar bith le caint mar é, arsa an Taoiseach. The Iranian people are not responsible for the war and must be protected (rather than vilified), he said. Níl muintir na hIaráine freagrach as an gcogadh agus caithfear iad a chosaint (seachas iad a dhealbhú), a dúirt sé. The Taoiseach also indicated that the Government was not considering rationing fuel in Ireland – at least not at this time – and said that our current fuel supplies were projected to last a month. Thug an Taoiseach le fios freisin nach raibh an Rialtas ag cuimhneamh ar bhreosla a chiondáil in Éirinn – ar ala na huaire seo ar aon chuma – agus dúirt go raibh teilgean míosa sna soláthairtí breosla atá againn faoi láthair. However, he assured that the Government would support those most at risk, hauliers and all other links in the food supply chain. Mar sin féin, dhearbhaigh sé go dtacódh an Rialtas le lucht an chaill is mó, tarlóirí agus gach aon saghas lúib eile sa slabhra soláthair bia. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:11:21

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260317_IRISH__an_iarain_a_slacairt_an_athuair_ag_forsai_iosrael

3/17/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27q6mz22 Contact: irishlingos@gmail.com Iran is being crushed by Israeli forces. An Iaráin á slacairt ag fórsaí Iosrael. Israeli military forces are clearly not resting on their laurels, as they are carrying out another massive raid this morning on the Iranian capital, Tehran, after suffocating the place overnight. Níl suí ná foras ar fhórsaí míleata Iosrael, is léir, agus iad ag tabhairt ollruathair arís ar maidin ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, tar éis dóibh an áit a shlacairt i gcaitheamh na hoíche. There is no word yet on the dead but it is assumed that scores of them are there. Níl aon chaint fós ar na mairbh ach glactar leis go bhfuil na scórtha acu ann. Two other cities – Shiraz in southern Iran and Tabriz in the northwest – have been bombarded by the Israelis since morning. Dhá chathair eile – Shiraz i ndeisceart na hIaráine agus Tabriz san iarthuaisceart – tá siad á dtuairgneáil ag na hIosraelaigh ó mhaidin . It is not a time of neglect or delay for the Israelis in Lebanon either, and it is reported that they are once again bombing in the south of that country. Ní tráth faillí ná moille ag na hIosraelaigh é sa Liobáin ach an oiread, agus tuairiscítear go bhfuil i ndeisceart na tíre sin á mbuamáil acu arís. The Israeli army says it is fighting Hezbollah on the ground. Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag dul i ngleic le Hezbollah ar an talamh . It appears that Iranian military forces an explosive drone at Dubai airport this morning, hitting a large fuel tank. Is cosúil fórsaí míleata na hIaráine drón pléascach le haerfort Dubai ar maidin agus gur buaileadh mórumar breosla ann. Smoke is rising from the tank but it appear to be affecting flights at the airport much. Tá deatach ag éirí as an umar ach dealraíonn sé sé ag cur isteach mórán ar eitiltí san aerfort. Military authorities in the United Arab Emirates say they have been diverting or shooting down of Iranian drones since morning. Deir na húdaráis mhíleata in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil na drón ón Iaráin á gcur malairt riain acu nó á séideadh san aer acu ó mhaidin. Not to mention the destruction and killing, the economic toll of unrest is affecting countries around the world, including, what else, the countries that are waging war on Iran. Gan trácht ar an scrios agus an marú, tá deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear, cad eile, na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin. The most pressing issue for them at the moment is the unhindered passage of oil and gas tankers through the Strait of Hamuz in southern Iran, while the Iranians have some control over that neck of water. Tancaeir ola agus gáis a sheoladh saor ó bhuaireamh trí Chaolas Hamuz i ndeisceart na hIaráine is mó atá ag déanamh scime dóibh i láthair na huaire agus smacht áirithe ag na hIaránaigh ar an muinceann uisce sin. The European Union’s foreign affairs and security chief, Kaja Kallas of Estonia, indicated that EU naval ships might be sent to the region to pressure the Iranians to fuel tankers . Ceannasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas as an Eastóin, thug sí le fios go mb’fhéidir go seolfaí longa cabhlaigh ón Aontas chuig an réigiún chun brú a chur ar na hIaránaigh tancaeir bhreosla a . It seems that Denmark is in favor of that. Dealraíonn sé go bhfuil an Danmhairg ina fhabhar sin. Yes, and Britain – a former member state – but Germany is adamant about it. Tá, agus an Bhreatain – iar–bhallstát – ach tá an Ghearmáin patuar ina leith. The foreign ministers of the member states will discuss the matter today, Kallas said. Pléifidh airí gnóthaí eachtracha na mballstát an scéal inniu, a dúirt Kallas. It is unclear what exactly the European naval ships would do in that part of the Persian Gulf, but British Prime Minister Keir Starmer that a threatening nod to the Iranians might be...

Duración:00:15:51

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260305_IRISH__an_liobain_agus_an_iarain_a_dtuairgneail_tuilleadh

3/5/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28u74oax Contact: irishlingos@gmail.com Lebanon and Iran are being further threatened. An Liobáin agus an Iaráin á dtuairgneáil tuilleadh. Israeli military forces are reportedly carrying out a massive raid on Iranian infrastructure again today, for the fifth day in a row. Tuairiscítear go bhfuil á thabhairt ag fórsaí míleata Iosrael ar bhonneagar na hIaráine arís inniu, an cúigiú lá as a chéile. In a statement, the Israelis claimed that their bombs were aimed at Iranian military infrastructure – including and air defense systems – but made no mention of the civilian infrastructure they were also targeting. I ráiteas, mhaigh na hIosraelaigh gur ar bhonneagar míleata na hIaráine atá a gcuid buamaí dírithe – lena n-áirítear agus córais chosanta aeir – ach níl aon lua ar an mbonneagar sibhialta atá á rúscadh acu freisin. This is the case in Lebanon, where Israeli missiles destroyed a hotel in the capital, Beirut, and residential buildings in the Lebanon Valley in the east of the country. Is amhlaidh atá an scéal sa Liobáin, mar ar scrios diúracáin na nIosraelach óstán sa phríomhchathair, Béiriút, agus árais chónaithe i nGleann na Liobáine in oirthear na tíre. Several people are reported to have been killed in those two attacks, it was not said how many. Tuairiscítear roinnt daoine a bheith maraithe sa dá ionsaí sin, ní dúradh cé mhéad. The Israeli army has ordered the population of villages in southern Lebanon to gather because, they say, they will soon begin bombarding those areas. Tá ordú tugtha ag arm Iosrael don phobal i shráidbhaile i ndeisceart na Liobáine bailiú leo mar gur gearr, a deir siad, go dtósóidh siad ag tuairgneáil na n-áiteanna sin. The Israelis say they are wreaking havoc there in order to Hezbollah, an organization supported by Iran. Is le dúil Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis, a a deir na hIosraelaigh atá siad ag déanamh lot tíre ann. Hezbollah has been firing rockets into northern Israel for several days. Tá Hezbollah ag scaoileadh roicéad uathu le tuaisceart Iosrael le roinnt laethanta. Irish soldiers are among the international troops on peacekeeping duty with the United Nations in southern Lebanon. Tá saighdiúirí na hÉireann i measc na saighdiúirí idirnáisiúnta atá ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine. As with Iran, the commander of American forces in the Middle East is boasting about how well his soldiers – 50,000 of them – are carrying out orders. Mar leis an Iaráin, tá ceannasaí fhórsaí Mheiriceá sa Mhéanoirthear ag déanamh gaisce faoina fheabhas atá a chuid saighdiúirí – 50,000 acu – ag cur orduithe i bhfeidhm. Admiral Brad Cooper claimed that Iran’s military capability is being gradually depleted and that American combat capabilities in the region are growing stronger. Mhaígh an tAimiréal Brad Cooper go bhfuil cumas míleata na hIaráine á spíonadh diaidh ar ndiaidh agus gur ag dul i neart atá cumas comhraic na Meiriceánach sa réigiún. More soldiers and equipment are on the way, he said. Tá tuilleadh saighdiúirí agus trealaimh ar an mbealach, a dúirt sé. Iran’s air defense systems are on the verge of being destroyed, the admiral said, and the country’s navy has been unable to put a single ship to sea since seventeen of its vessels were sunk in four days. Tá córais chosanta aeir na hIaráine i ndáil le bheith scriosta, arsa an tAimiréal, agus níl cabhlach na tíre in ann aon long a chur faoi sheol ó cuireadh seacht soitheach déag dá gcuid go tóin le ceithre lá. Regarding the people being killed by the bombs, not much is being said. I dtaca leis na daoine atá á gcur den saol ag na buamaí, níl mórán á rá. Authorities in Iran said yesterday that 787 people have been killed since Saturday, including 165 schoolgirls. Dúirt na húdaráis san Iaráin inné gur maraíodh 787 duine ón Satharn, 165 cailín scoile ina measc. The Iranians are continuing their own bombing...

Duración:00:14:03

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260210_IRISH__athruithe_ar_mheasunu_cainte_ag_priomhoidi_scoileanna_speisialta

2/22/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27qnu3dt Contact: irishlingos@gmail.com Changes to critical assessment by special school principals. Athruithe ar mheasúnú cáinte ag príomhoidí scoileanna speisialta. The Government’s decision to remove the requirement that a child must have a formal diagnosis of a specific disability to be enrolled in a special school has been criticised by principals of those schools. Tá cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin. The National Association of Special School Principals (NASSP) says a crucial part of the registration process has been sidelined and will undermine schools’ professional judgement on the appropriate placement and the most favourable learning outcomes for students. Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí. The new regime was announced in December by the Minister for Children, Disability and Equality, Norma Foley. Mí na Nollag a d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua. The Minister said at the time that the Department was making the amendment to ensure that a child would have the support they needed, and to reduce the time spent on assessment. Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn. But the Principals’ Association says the decision was announced without consulting special schools at all. Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta. NASSP Co-Chair Matt Swain says that “the capacity of special schools to plan and provide for and care for vulnerable children has been undermined.” Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil “an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha. “A professional report on a child’s ability is essential evidence to ensure that a student is placed in the most appropriate school setting.” Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh.” The Association says that schools may now have to accept students without the school fully understanding the student’s diagnosis, developmental profile, or support needs, which would increase the risk of inappropriate placement. Deir an Cumann go mb’fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí. They say it would also disrupt team planning, resource allocation and personalized learning programs, and that the provision of education for all students could be disrupted. Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb’fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta. Principals are also concerned that it will not be possible to ensure a safe learning environment, especially with the amount of pressure on teaching staff. Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc. They are urging the Department of Education to work with school management and leadership to come up with a better strategy. Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.

Duración:00:11:00

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260209_IRISH__athruithe_ar_mheasunu_cainte_ag_priomhoidi_scoileanna_speisialta

2/9/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/227xqtjg Contact: irishlingos@gmail.com Changes to critical assessment by special school principals. Athruithe ar mheasúnú cáinte ag príomhoidí scoileanna speisialta. The Government’s decision to remove the requirement that a child must have a formal diagnosis of a specific disability to be enrolled in a special school has been criticised by principals of those schools. Tá cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin. The National Association of Special School Principals (NASSP) says a crucial part of the registration process has been sidelined and will undermine schools’ professional judgement on the appropriate placement and the most favourable learning outcomes for students. Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí. The new regime was announced in December by the Minister for Children, Disability and Equality, Norma Foley. Mí na Nollag a d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua. The Minister said at the time that the Department was making the amendment to ensure that a child would have the support they needed, and to reduce the time spent on assessment. Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn. But the Principals’ Association says the decision was announced without consulting special schools at all. Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta. NASSP Co-Chair Matt Swain says that “the capacity of special schools to plan and provide for and care for vulnerable children has been undermined.” Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil “an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha. “A professional report on a child’s ability is essential evidence to ensure that a student is placed in the most appropriate school setting.” Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh.” The Association says that schools may now have to accept students without the school fully understanding the student’s diagnosis, developmental profile, or support needs, which would increase the risk of inappropriate placement. Deir an Cumann go mb’fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí. They say it would also disrupt team planning, resource allocation and personalized learning programs, and that the provision of education for all students could be disrupted. Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb’fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta. Principals are also concerned that it will not be possible to ensure a safe learning environment, especially with the amount of pressure on teaching staff. Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc. They are urging the Department of Education to work with school management and leadership to come up with a better strategy. Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.

Duración:00:11:00

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260204_IRISH__folaireamh_oraiste_agus_baisteach_throm_geallta_aris_san_oirthear

2/4/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24dj2bpp Contact: irishlingos@gmail.com Orange Alert and heavy rain promised again in the East. Foláireamh Oráiste agus báisteach throm geallta arís san Oirthear. An Orange Warning has been issued and heavy rain is expected again tomorrow in Waterford and Wicklow, with the Met Office saying that there is a high risk of frost again in those two counties. Tá Foláireamh Oráiste fógartha agus báisteach throm geallta arís amárach i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin, agus Oifig na hAimisre ag rá go bhfuil contúirt mhór fuarlaigh an athuair sa dá chontae sin. The storm is expected to last for 24 hours from 3 o’clock tonight, Wednesday night, until 3 o’clock in the morning on Thursday night. Ón 3 a chlog anocht, oíche Dé Céadaoin, atá an doineann geallta agus mairfidh an foláireamh ar feadh 24 uair a chloig, go dtí an 3 ar maidin san oíche Déardaoin. A Yellow Alert has also been issued, for the same period of time, in Dublin, Kildare, Carlow, Kilkenny, Laois and Louth, Wexford, Monaghan and Tipperary. Tá Foláireamh Buí fógartha freisin, an tréimhse chéanna ama, i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois agus Lú, Loch Garman, Muineachán agus Tiobraid Árann. Met Éireann says that the soft ground has been soaked by the rain it has shed on the east coast over the past 10 days and as a result there are cold spots in rivers and widespread flooding will occur again. Deir Met Éireann go bhfuil an talamh bog báite leis an mbáisteach atá caite aige ar an gcósta thoir le 10 lá anuas agus dá bharr sin go bhfuil fuarlaigh in aibhneacha agus go mbeidh tuillte go forleathan arís. Wexford County Council has warned drivers to be vigilant as many roads are still under water, including roads that would not be expected to be affected by flash floods. Tá fainic curtha ag Comhairle Chontae Loch Garman ar thiománaithe a bheith san airdeall mar go bhfuil bóithre go leor fós faoi uisce, bóithre ina measc nach mbeadh súil leo a bheith buailte ag fuarlaigh. The Council says there will be delays in the stormwater runoff, particularly along the coast, as drainage systems in the region are already overflowing, and due to the high tide. Beidh moill ar an uisce trámh a deir an Chomhairle, go háirid cois cósta, mar go bhfuil córais draenála sa réigiún ag gabháil thar maoil mar atá, agus mar gheall ar an taoide ard. We have a storm, the Great St. Brigid’s Storm, from now until the end of the week, and it won’t help that strong currents and high winds are promised. Tá rabharta linn, Rabharta Mór na Féile Bríde, as seo go deireadh na seachtaine, agus ní chuideoidh sé ach an oiread go bhfuil sruth láidir agus gaoth mhór geallta.

Duración:00:07:55

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260201_IRISH__stadas_bui_baisti_do_roinnt_mhaith_contaetha

2/1/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dpq57z5 Contact: irishlingos@gmail.com Yellow rain status for many counties. Stádas buí báistí do roinnt mhaith contaetha. Met Éireann is warning of further flooding and poor travel conditions in the coming days. Tá Met Éireann ag bagairt breis tuilte agus droch-choinníolacha taistil sna laethanta amach romhainn. A Yellow Rain Status is in effect for many counties. Tá Stádas Buí báistí i bhfeidhm do roinnt mhaith contaetha. This warning will come into effect from 1 o’clock tomorrow evening until 9 o’clock Tuesday morning and the counties affected are Carlow, Kilkenny, Wexford, Cork and Waterford. Tiocfaidh an foláireamh sin i bhfeidhm óna 1 a ‘chlog tráthnóna amárach go dtí a 9 a’chlog maidin Dé Máirt agus is iad contaetha Cheatharlach,Chill Chainnigh,Loch Garman,Chorcaigh agus Phort Láirge atá i gceist. A warning is also in place for counties Dublin, Louth and Wicklow. Tá foláireamh i bhfeidhm freisin do chontaetha Bhaile Átha Cliath, Lú agus Chill Mhantáin. This warning is in effect for those counties from 9 p.m. tomorrow night until 1 a.m. Tuesday morning. Ón 9 a’chlog san oíche amárach go dtí a 1 a’chlog maidin Dé Máirt atá an foláireamh sin i bhfeidhm do na contaetha sin. Heavy rain is forecast for the coming week. Tá báisteach throm geallta don tseachtain atá romhainn. The UK Met Office has also an ice warning for 6 counties in Northern Ireland from 7pm this evening until 9am tomorrow morning. Tá foláireamh don leac-oighir freisin ag oifig mhéitéireolaíochta na Ríochta Aontaithe don 6 chontae i dTuaisceart Éireann ón 7 a’ chlog tráthnóna go dtí 9 a’ chlog maidin amárach.

Duración:00:05:20

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260118_IRISH__bagairt_taraifi_a_ardu_ag_sam_ar_thiortha_san_eoraip

1/18/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/224xl78p Contact: irishlingos@gmail.com The US threatens to raise tariffs on countries in Europe. Bagairt taraifí a ardú ag SAM ar thíortha san Eoraip. US President Donald Trump threatened this evening to raise tariffs on certain European countries until the United States acquires Greenland. Bhagair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump tráthnóna go n-ardóidh sé taraifí ar thíortha áirithe san Eoraip go dtí go bhfaigheann na Stáit Aontaithe seilbh ar an Ghraonlainn. He announced on his Truth Social platform that tariffs of 10% will come into effect from next month on Denmark, Finland, France, Germany, the Netherlands, Norway, Sweden and the United Kingdom. Chuir sé in iúl ar a ardán Truth Social go dtiocfaidh taraifí de 10 faoin gcéad isteach ón mhí seo chugainn ar an Danmhairg, an Fhionnlainn,an Fhrainc, an Ghearmáin, an ísiltír, an Ioruaidh, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe. These are all countries that are allied with the United States. Is tíortha iad seo ar fad atá i gcomhghualaíocht leis na Stáit Aontaithe. However, Mr Trump tells them they are playing ‘dangerous games‘ regarding their position on Greenland. Deir an tUasal Trump leo áfach go bhfuil ‘cluichí contúirteacha‘ á n-imirt acu i dtaca lena seasamh ar an Ghraonlainn. ‘From the first of June’ he says, ‘these tariffs will increase to 25% unless a satisfactory agreement is reached that allows the United States to purchase Greenland in full‘. ‘Ón gcéad lá de Mheithimh’ a deir sé, ‘ardóidh na taraifí seo go 25 faoin gcéad mura dtagtar ar shocrú sásúil a cheadóidh do na Stáit Aontaithe an Ghraonlainn a cheannacht go hiomlán‘.

Duración:00:04:52

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260106_IRISH__maduro_ag_pleadail_neamhchiontach_i_sceimhlitheoireacht_drugai

1/6/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27af6noe Contact: irishlingos@gmail.com Maduro pleading not guilty to drug terrorism. Maduro ag pléadáil neamhchiontach i sceimhlitheoireacht drugaí. In a federal court in New York today, former Venezuelan President Nicolás Maduro to four charges against him, including drug trafficking, terrorism and weapons possession. I gcúirt fheidearálach i Nua-Eabhrac inniu, iarUachtarán Veiniséala Nicolás Maduro i gceithre chúis a cuireadh ina leith, lena n- áirítear sceimhlitheoireacht drugaí agus airm a bheith ina sheilbh aige. Maduro said he was not guilty, that he was a just man and that he was the president of his country. Dúirt Maduro nach raibh sé ciontach, gur fear cóir a bhí ann agus gur uachtarán a thíre ab ea é. Maduro’s wife, Cilia Flores, was in the same court in Manhattan, facing the same charges, and she pleaded not guilty. Os comhair na cúirte céanna in Manhattan, agus na cúiseanna céanna curtha ina leith, bhí bean chéile Maduro, Cilia Flores, agus phléadáil sise neamhchiontach . The couple are accused of enriching themselves over 25 years by colluding with international criminals who were shipping illegal drugs to the United States. Cuirtear i leith na lánúine gur shaibhrigh siad iad féin le 25 bliain trí dhul i bpáirt le coirpigh idirnáisúnta a bhí ag seoladh drugaí mídhleathacha chun na Stát Aontaithe. Maduro’s lawyer said his client would not apply for bail today but indicated that he had not ruled it out in the future. Dúirt dlíodóir Maduro nach raibh a chliant chun iarratas ar bhannaí a dhéanamh inniu ach thug le fios nach raibh sé curtha as an áireamh aige san am le teacht. The hearing lasted about 40 minutes and Maduro had his feet shackled during it. Mhair an éisteacht tuairim is 40 nóiméad agus bhí geimhle ar a chosa ag Maduro lena linn. Only certain journalists and members of the public were allowed into the courtroom. Ní raibh cead isteach i seomra na cúirte ach iriseoirí áirithe agus daoine áirithe ón bpobal. The case will come before the court again on March 17 but it is not yet clear whether Maduro or his wife will be present that day. Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 17 Márta ach níl sé soiléir fós an mbeidh Maduro nó a bhean chéile i láthair an lá sin. American military forces abducted the couple from their home in the Venezuelan capital, Caracas, over the weekend and took them to New York aboard a ship. D’fhuadaigh fórsaí míleata Mheiriceá an lánúin as a dteach cónaithe i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas, ar an deireadh seachtaine agus thug go Nua-Eabhrac iad ar bord loinge. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:08:28

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260102_IRISH__daoine_fos_ar_iarraidh_tar_eis_na_tubaiste_san_eilveis

1/2/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lqtjtv Contact: irishlingos@gmail.com People still missing after the disaster in Switzerland. Daoine fós ar iarraidh tar éis na tubaiste san Eilvéis. Authorities in Switzerland are still searching for missing people after a large fire that broke out in a pub in the town of Crans-Montana in the southwest of that country early yesterday morning. Tá na húdaráis san Eilvéis fós ag cuardach do dhaoine atá ar iarraidh tar éis an dóiteáin mhóir a tharla i dteach tábhairne i mbaile Crans-Montana in iardheisceart na tíre sin go moch ar maidin inné. In addition to the 40 people killed in the disaster, apparently mainly young people, 115 others were injured. Chomh maith leis an 40 duine a maraíodh sa tubaiste, daoine óga a mbunáite de réir dealraimh, gortaíodh 115 eile. Adding to the concern, it is said that some of those injured are very seriously ill. Mar bharr ar an mbuaireamh, deirtear go bhfuil roinnt den dream a gortaíodh an-dona tinn. It is not known how many people are still missing, but the pub was holding over 300 people, according to online sources. Níl sé ráite cé mhéad duine go atá fós ar iarraidh ach thoill an teach tábhairne os cionn 300 duine, de réir foinsí ar líne. Crans-Montana is an international ski resort and Swiss President Guy Parmelin said it was likely that people from different countries were among the dead. Ionad sciála idirnáisiúnta is ea Crans-Montana agus dúirt Uachtarán na hEilvéise Guy Parmelin gur dóichí go bhfuil daoine as tíortha éagsúla i measc na marbh. Already, the Italian Government has announced that fifteen people from that country are missing. Cheana féin, tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hIodáile go bhfuil cúig dhuine dhéag ón tír sin ar iarraidh. The French Government says eight citizens of that country are also missing. Deir Rialtas na Fraince go bhfuil ochtar saoránach de chuid na tíre sin ar iarraidh chomh maith. It is still unknown what caused the fire, but two people who were there at the time say that the ceiling of the house caught fire when sparklers on a sweet cake went out of control and the fire spread at a crazy speed afterwards. Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach deir beirt a bhí san áit ag an am gur lasadh síleáil an tí nuair d’imigh spréachairí ar cháca milis ó smacht agus gur leath an tine de luas mire ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:07:17

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20260101_IRISH__cuigear_gortaithe_in_ionsai_coirloiscthe_i_mbaile_atha_cliath

1/1/2026
Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27fsagpu Contact: irishlingos@gmail.com Five people injured in arson attack in Dublin. Cúigear gortaithe in ionsaí coirloiscthe i mBaile Átha Cliath. A woman in her forties and a teenage boy were seriously injured in an arson attack on a house in Finglas, north Dublin, early this morning. Gortaíodh go han-dona bean sna daichidí agus buachaill sna déaga in ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu. A woman in her twenties and two teenage girls were also injured in the attack on the house on Creston Avenue at around 12.45 this morning. Gortaíodh chomh maith bean sna fichidí agus beirt chailíní sna déaga san ionsaí a rinneadh ar an teach ar Ascaill Creston ag thart ar 12.45 ar maidin. The lives of the last three are said to be out of danger. Deirtear nach bhfuil beatha an triúir dheireanaigh sin i mbaol. The five are being treated at Connolly Hospital in Blanchardstown and the Children’s Hospital on Temple Street. Tá cóir leighis á chur ar an gcúigear in Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir agus in Ospidéal na Leanaí ar Shráid Temple. The Gardaí are to conduct a forensic examination of the house shortly. Tá scrúdú dlí- eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an teach gan mhoill. Between the two lines, they are appealing to anyone who saw anything out of the ordinary in the Creston area last night to come talk to them. Idir an dá línn, tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic aon ní as bealach i gceantar Creston aréir teacht chun cainte leo. RTÉ News and Current Affairs The malicious burning took place on Creston Avenue in Finglas Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Is ar Ascaill Creston i bhFionnghlas a rinneadh an dó mailíseach

Duración:00:05:20

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20251231_IRISH__trump_ag_fogairt_ar_hamas_a_gcuid_arm_a_chur_de_laimh

12/31/2025
Original Podcast with clickable words Contact: irishlingos@gmail.com  Trump announces Hamas must lay down its weapons. Trump ag fógairt ar Hamas a gcuid arm a chur de láimh. US President Donald Trump has warned Hamas in Gaza to immediately hand over their weapons – or they will pay dearly, he said. Tá fógra tugtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump do Hamas in Gaza a gcuid arm a chur de láimh gan mhoill – nó íocfaidh siad go daor as, arsa sé. Trump claimed that the Israelis had fulfilled so far regarding the ceasefire in Gaza and said that it was now up to Hamas to do the same. Mhaígh Trump go raibh comhlíonta ag na hIosraelaigh go dtí seo maidir leis an sos comhraic in Gaza agus dúirt gur ar Hamas a bhí sé anois déanamh amhlaidh. Trump was speaking at a press conference in Florida after a meeting he had with Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu there yesterday. Ag labhairt ag preasócáid in Florida a bhí Trump tar éis cruinniú a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu ansin inné. Hamas had said earlier yesterday that they had no intention of handing over their weapons. Bhí sé ráite ag Hamas níos túisce inné nach raibh lá rúin acu a gcuid arm a chur de láimh. Trump is said to be excited about the next part of his own plan for what’s to come for Gaza, which is to install a “technocratic” Palestinian government there with the support of an international military force. Deirtear go bhfuil Trump ar bís leis an gcéad chuid eile dá phlean féin maidir lena bhfuil i ndán do Gaza , is é sin rialtas “teicnealathach” Palaistíneach a chur i gcumhacht ann le tacaíocht ó fhórsa míleata idirnáisiúnta. At the same press conference, with Netanyahu at his side, Trump said he would thwart any new attempt by Iran to develop nuclear power or produce ballistic missiles. Ag an bpreasócáid chéanna, agus Netanyahu lena thaobh, dúirt Trump go gcuirfeadh sé ó mhaith aon iarracht as an nua a dhéanfadh an Iaráin cumhacht núicléach a fhorbairt nó a tháirgeadh. Nuclear facilities in Iran were severely damaged by bombing attacks carried out by the Americans and Israelis at the beginning of the summer. Rinneadh damáiste mór d’ionaid núicléacha san Iaráin de bharr ionsaithe buamála a rinne na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh orthu i dtús an tsamhraidh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:14:07

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20251224_IRISH__curam_ar_na_boithre_a_mholadh_ag_na_gardai_thar_an_nollaig

12/24/2025
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23mtvmny Contact: irishlingos@gmail.com Gardaí recommend road safety over Christmas. Cúram ar na bóithre á mholadh ag na Gardaí thar an Nollaig. Today is the busiest day on the State's roads during the Christmas period, and An Garda Síochána is urging drivers to slow down and be mindful of other drivers, pedestrians and cyclists. Inniu an lá is gnóthaí ar bhóithre an Stáit i rith thréimhse na Nollag, agus tá an Garda Síochána ag impí ar thiománaithe maolú ar an luas agus bheith airdeallach faoi thiománaithe eile, coisithe agus rothaithe. Gardaí are today launching a 24-hour campaign to enforce speed limits more strictly, coinciding with this increase in Christmas traffic. Tá feachtas 24 huaire ar bun ag Gardaí inniu féachaint le teorainneacha luais a chur i bfheidhm níos géire, chomhuaineach leis an méadú seo ar an trácht Nollag. Gardaí say this is the latest element of a seasonal campaign which hopes to reduce the number of road accidents. Deir Gardaí gurb é seo an gné is deireanai den bhfeachtas séasúrtha atá ag súil le líon na dtaismí bóthair a laghdú. Drivers are being asked to stay within speed limits and be extra careful due to the high level of traffic and long journeys people are making. Táthar ag iarraidh ar thiománaithe fanacht laistigh de na teorainneacha luais agus bheith níos cúramaí de bharr an leibhéal ard tráchta agus turasanna fada atá ar bun ag daoine. 180 people have died on the State's roads so far in 2025. 180 duine a bhásaigh ar bhóithre an Stáit go dtí seo i 2025. Almost all bus, train, ferry and air services are at their peak today, as people head home for Christmas. Tá beagnach gach seirbhís bus, traenach, bád farantóireachta agus aeir ar teann a ndíchill inniu, agus daoine ag déanamh ar an mbaile don Nollaig. The services are recommending that people make advance reservations whenever possible. Tá na seirbhísí ag moladh do dhaoine réamh-áirithint a dhéanamh nuair is féidir. 50,000 people will come through Dublin airport today alone, with thousands more landing at Cork, Shannon, and Knock. 50,000 duine a thiocfaidh trí aerfort Átha Cliath inniu féin, leis na mílte eile ag tuirlingt ag Corcaigh, an tSionna, agus Cnoc Mhuire.

Duración:00:06:50

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20251129_IRISH__aiteanna_ar_cios:_ardu_35%_ar_an_lion_fograi_imeachta

12/1/2025
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25xxkhcd Contact: irishlingos@gmail.com Places for rent: 35% increase in the number of event announcements. Áiteanna ar cíos: ardú 35 faoin gcéad ar an líon fógraí imeachta. There was a 35% increase in the number of eviction notices given by landlords to tenants in the third quarter of the year compared to the same period last year, according to new figures from the Residential Tenancies Board. Bhí ardú de 35 faoin gcéad ar an líon fógraí imeachta a thug tiarnaí talún do thionóntaí sa tríú ráithe den bhliain i gcomórtas leis an tréimhse chéanna anuraidh, de réir figiúirí nua ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. 5,405 eviction notices were issued to tenants between July and September this year, and 61% of these notices were issued on the basis that the landlord intended to sell the property. Is 5,405 fógra imeachta a tugadh do thionóntaí idir Iúil agus Meán Fómhair i mbliana, agus is ar an mbonn go raibh rún ag an tiarna talún an mhaoin a dhíol a tugadh 61 faoin gcéad de na fógraí sin. It is believed that the significant increase in eviction notices is related to new rules that are due to be implemented next spring and are being frowned upon by landlords who only have one or two places to rent. Meastar go bhfuil baint ag an ardú suntasach atá tagtha ar fhógraí imeachta le rialacha nua atá le cur i bhfeidhm an t-earrach seo chugainn agus a bhfuil col leo ag tiarnaí talún nach bhfuil acu le ligean ar cíos ach áit nó dhó. As with these new rules, for example, a rent increase will be required to be equal to the increase in the rate of inflation, that is, or an annual increase of a maximum of 2%, whichever is lower. Mar leis na rialacha nua sin, cuir i gcás, ceanglófar ardú ar chíos den ardú ar ráta an bhoilsicthe, é sin nó ardú bliaintúil de 2 faoin gcéad ar a mhéid, pé acu is ísle. According to Rosemary Steen of the Residential Tenancies Board, while the increase in the number of eviction notices is a cause for concern, it is common for landlords to exit the rental sector. Dar le Rosemary Steen ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe cé gur údar imní an t-ardú ar an líon fógraí imeachta gur den ghnás é tiarnaí talún ag imeacht ón earnáil cíosa. Housing Minister James Browne said the new figures should take into account the increase in the number of tenancies despite the number of landlords falling. Dúirt an tAire Tithíochta James Browne nár mhór aird a thabhairt sna figiúirí nua ar an ardú atá tagtha ar an líon tionóntachtaí in ainneoin an líon tiarnaí talún a bheith ag ísliú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:07:59

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20251122_IRISH_HUMAN__meiricea_ag_iarraidh_ar_an_ucrain_reigiun_donbas_a_ligean_uaithi

11/22/2025
 jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22y38c45 Contact: irishlingos@gmail.com  Your browser does not support the audio element. America is asking Ukraine to relinquish the Donbas region. Meiriceá ag iarraidh ar an Úcráin réigiún Donbas a ligean uaithi. Ukrainian President Volodymyr Zelensky has said that he is willing to cooperate with the United States on the peace plan that that country has drafted regarding the war in Ukraine. Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé sásta comhoibriú leis na Stáit Aontaithe maidir leis an bplean síochána atá dréachtaithe ag an tír sin faoin gcogadh san Úcráin. What is needed now, he said, is beneficial work, which must be undertaken honestly and enthusiastically. Obair thairbheach a theastaíonn anois, arsa sé, a gcaithfear tabhairt fúithi go hionraic agus go beo. That's what Zelensky had to say about the American plan, however, he did not give any details and it seems from his measured and concise speech that he is really against it. Sin an méid a bhí le rá ag Zelensky faoi phlean na Meiriceánach, áfach, níor thug sé aon sonraí agus dealraíonn sé ón gcaint thomhaiste ghonta a rinne sé go bhfuil col aige leis i ndáiríre. US Secretary of the Army Dan Driscoll was in Kiev yesterday, where he discussed the plan first with representatives of the Ukrainian Government and then with Zelensky himself. Bhí Rúnaí Arm na Stát Aontaithe Dan Driscoll i gCív inné, áit ar phléigh sé an plean le hionadaithe ó Rialtas na hÚcráine i dtosach agus le Zelensky féin ina dhiaidh sin. A US government spokesman claimed that one of those representatives, Rustem Umerov, accepted the plan after proposing several amendments. Mhaígh urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ghlac duine de na hiondaithe sin, Rustem Umerov, gur ghac sé leis an bplean tar éis dó roinnt leasuithe a mholadh. According to the plan, which has not been published but has been seen by the Reuters news agency, Ukraine would cede every inch of the Donbas region in the east of the country to Russia and the number of soldiers in the Ukrainian Army would be halved - in exchange for promises about Ukraine's security. De réir an phlean, nach bhfuil foilsithe ach atá feicthe ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters, ghéillfeadh an Úcráin gach orlach de réigiún Donbas in oirthear na tíre don Rúis agus laghdófaí faoina leath an líon saighdiúirí atá in Arm na hÚcráine – é sin mar mhalairt ar ghealltanais faoi shlándáil na hÚcráine. The plan also states that Russia, Ukraine and the European Union would sign a non-aggression treaty; that no soldiers from the North Atlantic Treaty Organization would be sent to Ukraine; and that the number of member states in that organization would not be increased. Deirtear sa phlean freisin go síneodh an Rúis, an Úcráin agus an tAontas Eorpach conradh neamhionsaithe; nach gcuirfí chun na hÚcráine aon saighdiúirí ó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh; agus nach gcuirfí le líon na mballstát san eagraíocht sin. In addition, the international sanctions imposed on Russia since that country invaded Ukraine in early 2022 would be gradually lifted. Ina cheann sin, chuirfí deireadh de réir a chéile leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta atá curtha ar an Rúis ó rinne an tír sin ionradh ar an Úcráin i dtús 2022. Russia would be invited back to participate in the G8 forum of countries and the United States would enter into a wide range of economic agreements with Russia regarding energy, natural resources, infrastructure, artificial intelligence, data centers and rare earth minerals in the Arctic region. Thabharfaí cuireadh don Rúis a bheith rannpháirteach an athuair i bhfóram thíortha an G8 agus dhéanfadh na Stáit Aontaithe raon leathan socruithe eacnamaíochta leis an Rúis maidir le fuinneamh, acmhainní nádúrtha, infreastruchtúr, intleacht shaorga, ionaid bhunachar sonraí agus mianraí tearcithreacha i réigiún an Artaigh. It is not...

Duración:00:27:06

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20251118_IRISH__ordu_tugtha_enoch_burke_a_chur_i_bpriosun_aris

11/18/2025
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cpc2fh Contact: irishlingos@gmail.com Order given to re-imprison Enoch Burke. Ordú tugtha Enoch Burke a chur i bpríosún arís. The High Court has ordered secondary school teacher Enoch Burke to be re- imprisoned, and without delay, for his disregard of an order to stay away from Wilson's Hospital school in Co. Westmeath. Tá ordú tugtha ag an Ard-Chúirt an múinteoir meánscoile Enoch Burke a chur i bpríosún an athuair, agus gan mhoill, mar gheall ar an neamhaird atá sé a thabhairt ar ordú fanacht amach ó scoil Wilson's Hospital i gCo na hIarmhí. Judge Brian Cregan said in court today that Enoch Burke's strategy was to provoke conflict, insult people and bully people. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan sa chúírt inniu gurbh é an straitéis a bhí ag Enoch Burke achrann a tharraingt, daoine a mhaslú agus bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine. Despite being fined and having security guards placed on duty at the school, the judge said, Enoch Burke refused to stay away from the premises as ordered. In ainneoin gur gearradh fíneálacha air agus gur cuireadh gardaí slándála ar dualgas ag an scoil, arsa an breitheamh, dhiúltaigh Enoch Burke fanacht amach ón áit mar a ordaíodh dó. The judge also said that Enoch Burke had a duty to obey the law, like every other citizen, but instead the teacher and his family sought to undermine the authority of the courts. Dúirt an breitheamh freisin go raibh dulagas ar Enoch Burke géilleadh don dlí, cosúil le gach saoránach eile, ach ina áit sin gur fhéach an múinteoir agus a theaghlach leis an mbonn a bhaint d'údarás na gcúirteanna. The Burke family carried out a coordinated and sustained attack on the rule of law in this country, the judge said. Rinne muintir Burke ionsaí comhordaithe agus leanúnach ar riail an dlí sa tír seo, arsa an breitheamh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:05:42

Pídele al anfitrión que permita compartir el control de reproducción

20251118_IRISH__paschal_donohoe_eirithe_as_an_rialtas,_post_nua_aige

11/18/2025
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28y74qub Contact: irishlingos@gmail.com Paschal Donohoe resigns from Government, takes up new position. Paschal Donohoe éirithe as an Rialtas, post nua aige. Fine Gael Finance Minister Paschal Donohoe is to step down from his political duties in Ireland after being appointed Managing Director and Chief Information Officer at the World Bank, the second most senior position in that organisation. Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ó Fhine Gael le héirí as a chúraimí polaitíochta in Éirinn tar éis dó a bheith ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin. He has already resigned from his role as Minister for Finance and will step down as a Dáil member later this week. Tá sé éirithe as a chúram mar Aire Airgeadais cheana féin agus éireoidh sé as mar Theachta Dála níos deireanaí an tseachtain seo. It is understood that the Government will appoint a new Minister for Finance this evening. Tuigtear go gceapfaidh an Rialtas Aire Airgeadais nua tráthnóna. Paschal Donohoe is 51 years old and has been an MLA for Dublin Central since 2011. 51 bliain d'aois atá Paschal Donohoe agus tá sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011. He was appointed Minister of State for European Affairs in 2013 and Minister for Transport, Tourism and Sport the following year. Ceapadh é ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in 2013 agus ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain dar gcionn. He was appointed Minister for Public Expenditure and Reform in 2016 and Minister for Finance in 2017. Ceapadh é ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2016 agus ina Aire Airgeadais in 2017. As with its new position, the World Bank's primary responsibility is to provide low-interest loans to developing countries. Mar lena phost nua, is é príomhchúram an Bhainc Dhomhanda iasachtaí ar rátaí ísle úis a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Duración:00:06:37