
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Andy Caomhánach fear na ríomhairí.
9/3/2025
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta.
Duration:00:07:05
Cathal Ó Cuireáin.
9/3/2025
Tá ceolchoirm speisialta eagraithe ag George Ezra in Amharclann BEAM ina bhaile dúchais in Hertford i Londain anocht agus cuireadh tugtha aige do thriúr ceoltóir a bhfuil ceangal acu le Dún na nGall seinm ann agus ina measc beidh Cathal Ó Cuireáin.
Duration:00:05:37
Cartlann na Céadaoine.
9/3/2025
Ar mhír cartlainne na seachtaine rachaidh muid ar ais 42 bliain cothrom an ama seo nuair a ligeadh deirfiúracha Mhic Giolla Easbuic, Anne agus Eileen saor ón phríosún sa Bhreatain. Labhair siad san am le Timlín Ó Cearnaigh agus seo blaiseadh den chomhrá a bhí eatarthu.
Duration:00:10:37
Gráinne Nic Niallais Oifigeach Pleanála Teanga, Bhaile Séirbhíse Gaeltachta An Chlochán Léith.
9/3/2025
Seolfar suíomh gréasáin úr ar an Chlochán Liath anocht dírithe ar chúrsaí turasóireachta ar an Chlochán Liath agus i gceantar na Rosann.
Duration:00:06:14
Breandán Ó Beirn Príomhfheidhmeannach Chumann Próiseálaithe agus Tairgeoirí Éisc na hÉireann.
9/3/2025
Chas ionadaithe ó earnáil iascaireachta na tíre seo le Coimisinéir Iascaigh an Aontaigh Eorpaigh, Costas Kadis sa Bhruiséil inné le plé a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh earnáil na hiascaireachta agus bhí Breandán i láthair ag an chruinniú.
Duration:00:06:08
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
9/3/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:12
Kieran Ó Rabhartaigh as Dún Lúiche.
9/2/2025
Labhair Kieran faoin lá mór ceoil a bhí ann arís i mbliana i nDún Lúiche ar an lá saoire bainc ag tús na míosa le hairgead a bhailiú d’Ospís Dhún na nGall, Ospís na Gaillimhe agus Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus cad é mar a chuaigh sé.
Duration:00:04:58
Laura Ní hAoidhne as Bealach Féich.
9/2/2025
Tá feachtas ar bun ag an eagraíocht Cúnamh do Mhná nó Women’s Aid, ‘Siúl 100 Míle i Meán Fómhair’ le hairgead a bhailiú don eagraíocht agus tá sé beartaithe ag Laura Ní hAoidhne agus a cairde tabhairt faoin dúshlán seo agus siúlóidí trí Ghaeilge a eagrú ar fud na tíre.
Duration:00:05:58
Máire Ní Chasaide Bainisteoir Ionad Cuairteoirí Shliabh a’Liag.
9/2/2025
Ag plé cad mar a bhí cúrsaí turasaóireachta sa tsamhradh agus an easpa seirbhísí atá ann ó thaobh bruscair de do thurasóirí.
Duration:00:09:47
An Sáirsint John Joe Mac Laifeartaigh.
9/2/2025
Mír rialta le ball den Gharda Síochána.
Duration:00:08:09
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.
9/2/2025
Beidh agóidí na rúnaithe scoile agus oibrithe cothabhála scoile i nDún na nGall atá ina mbaill den Cheardchumann FÓRSA ar siúl arís inniu.
Duration:00:07:24
Maighréad Uí Annluain ó Sheomra na Nuachta.
9/2/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:42
Barrscéalta, clár iomlán, 02/09/2025
9/2/2025
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:06
Colm Breathnach, iarchaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall.
9/1/2025
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí ceannais iománaíochta a bhí ar siúl sa chontae ag an deireadh seachtaine, áit a raibh an bua ag Gaeil Leitir Ceanainn sa Chraobh Shóísir, Naomh Adhamhnáin sa Chraobh Idirmheánach agus Setanta sa Chraobh Shinsir.
Duration:00:03:42
Mairead & Annemarie Mangan.
9/1/2025
Labhair na deirfiúracha Mairead agus Annemarie Mangan le Michelle faoin tábhacht a bhaineann le bheith i do dheontóir orgáin. Thug Mairead duán dá deartháir, Martin agus tá Annemarie ar an liosta agus í ag fanacht ar dhuán san am i láthair.
Duration:00:29:41
Mary Logue, Rúnaí i Scoil Eoin Pól, Loch an Iúir.
9/1/2025
Labhair Mary faoin stailc leanúnach atá ar bun ag rúnaithe agus feighlí scoile san am i láthair.
Duration:00:04:45
Mairéad Ní Mhaoilchiaráin ó Sheomra na Nuachta.
9/1/2025
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:14
Colm Breathnach, iarchaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall.
8/29/2025
Ag cur síos ar na cluichí ceannais iománaíochta a bheas ar siúl ag an deireadh seachtaine.
Duration:00:03:34
Áine Ní Churraín.
8/29/2025
Cuirfear tús le Camino Dhún na nGall ar an Domhach.
Duration:00:09:15
Deirdre Ní Bhraonáin, Garraíodóir Chluain na dTor.
8/29/2025
Mír rialta le Deirdre faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr.
Duration:00:10:11