Tús Áite-logo

Tús Áite

4 Favorites

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Location:

United States

Description:

Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.

Language:

English


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

3/13/2026
Scéalta móra na seachtaine á phlé ag Ciarán Dunbar (Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph agus Seachtain an Irish Independent) agus Diarmuid Ó Sé, Iar-Léachtóir (An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath)

Duration:00:20:31

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Fís 2026

3/13/2026
Léiríodh na deiseanna atá ann do dhaoine óga le Gaeilge sa saol acadúla, gairmiúla agus sóisialta ag Fís 2026 a bhí ar súil san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath inné. Bhí níos mó ná 5000 mac léinn meánscoile agus ollscoile agus 110 seastán eagsúl i láthair.

Duration:00:07:47

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Dearcadh an Stáit i leith na Gaeilge

3/13/2026
Níl aon difríocht le sonrú idir dearcadh an Stáit i leith na Gaeilge agus ar a cuid cainteoirí agus an dearcadh a bhain le riail choilíneach na Breataine. Sin a deir na scoláirí Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin in alt san Irish Times inniu.

Duration:00:12:31

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

3/13/2026
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Duration:00:06:10

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: 13 Márta 2026

3/13/2026
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Dr. Brian Ó Curnáin (Canúinteolaí, Institiúd ArdLéinn Bhaile Átha Cliath); Ciarán Dunbar (Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph agus Seachtain an Irish Independent); Diarmuid Ó Sé (Iar-Léachtóir, An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath)

Duration:00:47:35

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúl

3/12/2026
Roinnt scéalta ó na nuachtáin áitiúla ag Rob Ó Conchubhair dúinn ar chlár an lae inniu.

Duration:00:08:02

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Olltoghchán na hUngáire

3/12/2026
Léiríonn an pobalbhreith is déanaí ón Ungáir go bhfuil an príomh pháirtí freasúra 14 pointe chun tosaigh ar pháirtí rialtais Viktor Orban agus an tír ag teannadh le olltoghchán ar an dara lá déag de mhí Aibreán.

Duration:00:08:51

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Staid na naíonraí lán-Ghaeilge lasmuigh den nGaeltacht

3/12/2026
Tá an eagraíocht Gaeloidachas ag éileamh go mbeadh comhionannas sa tacaíocht stáit a chuirtear ar fáil sa naíonraí lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus laistigh di.

Duration:00:08:52

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: An Iaráin agus an Úcráin

3/12/2026
Dea-scéala is ea an cogadh sa mhéanoirthear don Rúis mar go bhfuil go bhfuil méadú tagtha ar phraghas an ola. Tá airm agus diúracáin Meiriceánacha a d’fhéadfaí a úsaid chun an Úcráin a chosaint á n-ídirú sa mhéanoirthear.

Duration:00:07:36

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

3/12/2026
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Duration:00:07:42

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: 12 Márta 2026

3/12/2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta Teagaisc i Roinn an Léinn Rúisigh & Shlavaigh, Coláiste na Trionóide); Katie Ní Riain (Bainisteoir Luathbhlianta le Gaeloideachas); Rob Ó Conchubhair.

Duration:00:44:54

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Mír na Meán

3/11/2026
Mír na Méan le Norita Ní Chartúir.

Duration:00:05:02

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Todhchaí na Gaeltachta

3/11/2026
Níl choincheap na Gaeltachta mar ar glacadh leis céad bliain ó shin in oiriúnt do staid na teanga mar atá sé anois. Ní amháin sin ach is gá a cheistiú ar chuir an bhéim faoi leith ar na Gaeltachtaí srian ar fhorbairt na teanga in áiteanna eile sa tír? Sin a deir Peadar Kirby in alt in eagrán na seachtain seo de Scéal leis an Irish Times.

Duration:00:14:50

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Diolúintí ón nGaeilge

3/11/2026
Dúirt an Coiste Oireachtais inné go bhfuil sé de nós ag roinnt iar-bhunscoileanna córas na nDíolúintí a úsáid chun uaireanta tacaíochta a sholáthar do dhaltaí. Máirín Ní Chéileachair, Rúnaí Cúnta Cumann Múinteoirí Éireann an INTO a dúirt é seo le coiste Gaeilge an oireachtais.

Duration:00:08:22

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Cinneadh Cúirte Kneecap

3/11/2026
Ní bheidh ar an rapálaí Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, aghaidh a thabhairt ar thriail nua sceimhlitheoireachta tar éis do bhreithiúna sa Chúirt Uachtarach i Londain achomharc ón Séirbhís Ionchúiseamh Corónach i gcoinne an chinnidh an cás a chaitheamh amach a dhiúltú.

Duration:00:08:50

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

3/11/2026
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Duration:00:07:54

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: 11 Márta 2026

3/11/2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Storm Eaton Killgallon; Shane Ó Cuinn (Cathaoirleach Ghréasán na Múinteoirí Gaeilge); Peadar Kirby (Údar agus Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnáisiúnta); Donnchadh Ó hÉallaithe (Gníomhaí Pobail agus Tráchtaire ar Chúrsaí Gaeltachta agus Toghchánaíochta); Norita Ní Chartúir

Duration:00:45:44

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

3/10/2026
Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar) agus An tOllamh John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Caerdydd) a bhí linn ag plé scéalta móra idirnáisiúnta.

Duration:00:20:01

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: ERSI

3/10/2026
Ta an-bheagán difríochtaí idir an méid fuinnimh a úsaidtear i dtithe le rátáil fuinnimh A agus tithe le rátail fuinnimh G de réir tuarascáil nua ón ESRI a foilsíodh inniu. Nuair a chuireann daoine beartais chun fuinneamh a úsaid níos éifeachtaí i bhfeidhm ní thann laghdú mór ar a n-úsáid fuinnimh de réir an taighde.

Duration:00:07:44

Ask host to enable sharing for playback control

Tús Áite: Coiste na Gaeilge

3/10/2026
Tá sé de nós ag roinnt iar-bhunscoileanna córas na nDíolúintí a úsáid chun uaireanta tacaíochta a sholáthar do dhaltaí. B’shin a dúirt urlabhraí thar ceann Cumann Múinteoirí Éireann, an INTO, le coiste Gaeilge an oireachtais inniu.

Duration:00:08:58