Ardchathair-logo

Ardchathair

Arts & Culture Podcasts

Irischlár ar Raidió na Life ina bhfuil an bhéim ar an saol sa chathair agus ar an bpobal atá ag cur fúithí sa chathair.

Location:

Ireland

Description:

Irischlár ar Raidió na Life ina bhfuil an bhéim ar an saol sa chathair agus ar an bpobal atá ag cur fúithí sa chathair.

Language:

Irish

Contact:

35316616333


Episodes
Ask host to enable sharing for playback control

Ardchathair: Teach an Ardmhéara Réabhlóid na hÉireann agus scéal Sheosaimh Uí Chonchúir

4/15/2019
Ar an gclár seo, labhraíonn Peadar Ó Caomhánaigh leis an gComhairleoir Cathrach Mícheál Mac Donncha faoina leabhar staire nua, The Mansion House and the Irish Revolution/Teach an Ardmhéara Réabhlóid na hÉireann'. Cloisimid faoin gclár faisnéise, Scéal na Beatha ina bpléitear scéal Sheosaimh Uí Chonchúir ó Club Chonradh na Gaeilge. Tá léiritheoir an chláir Máiréad Ní Thréinir linn don bplé ina gcaoi go gcaitear leis an mbás sa tír seo, agus fágann Peadar slán lena iar-chomhláithreoir Niamh Ní Shúilleabháin atá ag fágáil Raidió na Life.

Duration:00:26:43

Ask host to enable sharing for playback control

Ardchathair: Abair, Pobal ar scor agus Foghlaim i mBaile Átha Cliath

4/8/2019
Ar chlár na seachtaine seo labhraíonn Peadar Ó Caomhánaigh le Ailbhe Ní Chasaide & Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide faoi Abair.ie agus Lá domhanda an ghlóir. Tá plé leis an Ardmhéara Niall Ring ar dheiseanna foghlamtha san ardchathair agus closifimid ó Janet Muller ón eagraíocht POBAL faoin bhfógra go mbeidh an eagraíocht abhchóideachta ag scor.

Duration:00:26:10

Ask host to enable sharing for playback control

Ardchathair: Other Voices, logainmneacha Gaeilge & mórcheisteanna USI19

4/1/2019
Ar an gclár seo, labhraíonn Peadar Ó Caomhánaigh le Philip King faoin bhféile Anam a bheidh ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá plé ar logainmneacha Gaeilge ar eastáit thithíochta agus tá tuairisc ag Aoife Deasy ó Comhdháil bhliantúil Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Duration:00:25:38

Ask host to enable sharing for playback control

Ardchathair: Cnuasch filíochta úr & an eagrán deireanach don iris Tairseach

3/25/2019
Ar an gclár seo: Léamh filíochta ó Sheosamh Ó Murchú, cloisfimid faoi na gnólachtaí atá ag cur na Gaeilge chun cinn i mBaile Átha Cliath faoin scéim Labhair Gaeilge Liom agus plé ar an eagrán deireanach don iris Tairseach le Jessica Ní Mháirtín.

Duration:00:28:34

Ask host to enable sharing for playback control

Ardchathair: Saol an dlíodóra agus plé ar alcól in Éirinn

3/11/2019
Ar an gclár seo, labhraíonn Peadar Ó Caomhánaigh le hOrla Nic Dhonnchadha and Ruairi Mac Cumhaill, dlíodóirí le William Fry lena fháil amach an mbíonn an Ghaeilge á labhairt i measc lucht dlí. Cloisfimid ó Chonall Ó Brolcháin maidir leis an bpraghas atá ar alcól in Éirinn agus tá giota againn ón gceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan a bhí ar siúl i Teach an Ardmhéara ar 08 Márta, cloisfimid sliocht ó Michelle Nic Pháidín agus í ag léamh ag an ócáid.

Duration:00:29:44